Teocht

Is furasta a mheas go mbíonn réada áirithe níos teo, teocht níos mó acu, ná réada eile. Chun an teocht a thomhas go hoibiachtúil, áfach, is gá scála teochta a shocrú agus gléas a dhearadh chun í a thomhas go cruinn.

Bosca Sonraí Méid FisiciúilTeocht
Cineálstate function (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SiombailT agus Θ Cuir in eagar ar Wikidata

Scála coitianta amháin is ea scála Celsius. Bíonn tomhas teochta bunaithe ar an bhfíoras go n-athraítear airíonna áirithe reada, a thoisí mar shampla, nuair a athraitear a theocht. Aon airi ar féidir é a úsáid mar seo, tugtar airí teirmiméadrach air.[1]

Ní athraíonn toisí gach ábhair an oiread céanna de réir athrú teochta, agus mar sin ní hionann go cruinn na scálaí teochta a bhunaítear ar ábhair éagsúla.

Féach freisin

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Teocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.