Póiriúlacht

Tréith mheicniúil solad, agus tomhas ar a gcumas sreabháin a ligean tríothu. Is iad na cainéil chaola a dhéanann ábhar soladach póiriúil, a ligeann don ábhar sreabhán a ionsú trí ghníomhú ribeach, díreach mar a ionsúnn spúinse uisce. Faightear ola faoin talamh i gcarraigeacha póiriúla. Draenáileann uisce trí ghaineamh póiriúil scagach.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Póiriúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.