Leabharlann Náisiúnta na Fraince
Is í Leabharlann Náisiúnta na Fraince (Fraincis: Bibliothèque nationale de France, giorraithe mar BnF) an taisce oifigiúil sa Fhrainc i gcomhair leabhar a fhoilsítear sa tír úd. Tá leabhair inti a foilsíodh i dtíortha eile freisin. Tá 40 milliún mír i mbailiúcháin BnF, 14 milliún leabhar agus tréimhseachán san áireamh. Is í an leabharlann is mó sa Fhrainc agus ar cheann de leabharlanna móra an domhain. Tá sí suite i bPáras.
![]() WD Bosca Sonraí Foirgneamh | ||||
---|---|---|---|---|
![]() | ||||
| ||||
Ainmnithe in ómós | François Mitterrand | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Leabharlann náisiúnta agus foilsitheoir | |||
Foirgníocht | 1537 ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | 2ú arrondissement Pháras, An Fhrainc | |||
Suíomh | Páras | |||
| ||||
Remarkable Contemporary Architecture (en) ![]() ![]() | ||||
Gníomhaíocht | ||||
Líon fostaithe | 2,239 (2019) | |||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 926,000 (2018) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | bnf.fr | |||
![]() ![]() ![]() ![]() |

Téann bunús Leabharlann Náisiúnta na Fraince siar go leabharlann ríoga Charles V a chuir sé ar bun sa bhliain 1368. Díoladh na leabhair ar a bháis, áfach, agus tugadh go Sasana iad. Chuir Louis XI leabharlann ríoga ar bun arís sa bhliain 1461, agus is as an mbailiúchán úd a d'fhás an leabharlann náisiúnta atá ann inniu. Cuireadh go mór leis an mbailiúchán le linn Réabhlóid na Fraince mar gheall ar bhailiúcháin phríobháideacha na huasaicme agus na cléire a glacadh seilbh orthu, agus faoin mbliain 1792, bhí 300,000 imleabhar sa leabharlann.
Naisc sheachtracha
Féach freisin
- Foirgnimh agus struchtúir sa Fhrainc
Tagairtí
![]() | Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |