Fithis

Is éard is fithis ann sa réalteolaíocht ná an chonair a leanann rinn neimhesatailít agus í ag gluaiseacht i réimse imtharraingthe. Más dhá rinn amháin atá san áireamh, is féidir an fhithis a ríomh go han-chruinn, agus foirm ghearrtha cónaigh a bhíonn inti, is é sin parabóil, éilips, nó ciorcal. Is fithis gheocónaitheach a bhíonn ag satailít teileachumarsáideteilifíse ag airde 36,000 km os cionn an mheánchiorcail, ionas go bhfanann sí i gcéim le rothlú an Domhain agus san ionad céanna sa spéir, i leith an Domhain, t-am ar fad, rud atá riachtanach don teileachumarsáid.[1]

Déanann an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta fithis gach 92 nóiméad, ag eitilt timp. 250 míle (400 ciliméadar) os cionn leibhéal na mara

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Fithis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 274.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.