Dáire mac Dedad

Sinsear eapainmneach na nDáirine as Cúige Mumhan ab ea Dáire mac Dedad mhic Deda mhic Shin. Athair Chú Raoi seanscéalaigh ab ea é. Tá gaol eatarthu siúd go léir agus na Darini réamhstairiúla as cúige Uladh.[1]

Infotaula de personaDáire mac Dedad
Teaghlach
PáisteCú Roí Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDeda mac Sin

Is amhlaidh gurb ionann é agus Dáire Doimthech, sinsear Corca Laidhe. Más fíor, is sinsear é de roinnt rítheaghlach suntasach na nÉarann, ina measc an Dál Fiatach as Cúige Uladh.[2]

Deirtear gur tháinig Dáire i gcomharbacht mar Rí na Mumhan ar a dheartháir Íar mac Dedad, sinsear Eidirscéil Mhóir, athair an rí seanscéalaigh, Conaire Mór.[3]

Níor chreid T. F. O'Rahilly gur dhaoine éagsúla iad Dáire agus a mhac, ag rá "Is ionann sa deireadh Dáire agus Cú Raoi".[4]

Féach freisin

Foinsí

Tagairtí

  1. féach Pokorny
  2. Rawlinson B 502 ¶937: ... Dál Fiatach insin de clainn Con Ruí m. Dáire m. Dedaed a cóiciud Con Ruí la Mumain is ass bunad in Dáil Fhiatach-so.
  3. Dobbs
  4. O'Rahilly, lch. 49


Teimpléad:Érainn

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.