Contae an Longfoirt
Tá An Longfort nó Contae an Longfoirt[1] i lár na hÉireann, i gCúige Laighean. Cruthaíodh an contae sa bhliain 1564. Tá an chuid is mó de in abhantrach na Sionainne agus cuid eile de in abhantrach na hÉirne. Portaigh, locha, páirceanna féir agus riasca is mó atá sa talamh. Tá iarsmaí ón chlochaois le fáil in aice bhaile Ghránaird agus is iomaí iarsma atá sa chontae de mhainistreacha luathChríostaí. D'fhág na Normannaigh a lorg ar an áit chomh maith. Bronnadh na tailte ar chlann de Lacy, ach ní raibh siad ábalta an áit a ghabháil go buan agus ba í clann Uí Fhearghail a bhí i gceannas go ceann na gcéadta bliain. Bunaíodh an príomhbhaile, An Longfort timpeall 1400, agus ba ann a bhí ionad cumhachta Uí Fhearghail. Is ann atá lárionaid riaracháin an chontae faoi láthair. Timpeall seacht míle duine a chónaíonn ann.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean ![]() | ||||
Príomhchathair | An Longfort ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 40,873 (2016) ![]() | ||||
• Dlús | 37.46 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 1,091 km² ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of Longford County Council (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae an Longfoirt ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-LD ![]() | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100020 | ||||
Suíomh gréasáin | longford.ie ![]() | ||||
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Bailte i gContae an Longfoirt
Barúntachtaí
Tíreolaíocht
Tagairtí
- “Contae an Longfoirt/Longford | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.