Contae Thír Eoghain

Is í Contae Thír Eoghain[1] an contae is mó i dTuaisceart Éireann agus atá suite i lár chúige Uladh. Achar: 3,155 km² (1,218 mílte cearnacha).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Thír Eoghain

Suíomh
Map
 54.61°N 7.16°W / 54.61; -7.16
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAn Ómaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán177,986 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús56.41 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla3,155 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch nEathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie100030

Tá teorainneacha ag an chontae le cúig chontae eile; Doire sa tuaisceart, Ard Mhacha san oirdheisceart, Muineachán sa deisceart, Fear Manach san iardheisceart, agus Dún na nGall san iarthuaisceart. Ar a bharr sin, tá teorainn ag Tír Eoghain le hAontroim i lár Loch nEathach san oirthear.

Tíreolaíocht

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus na Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an Shruthail, na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

Bailte i gcontae Thír Eoghain

Barúntacht

Tíreolaíocht

Bailte fearainn

Cultur

Polaitíocht

Roinntear Tír Eoghain i gceithre Chomhairí Ceantair:

  • Comhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh
  • Comhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas
  • Comhairle Ceantair na hÓmaí
  • Comhairle Ceantair an tSratha Báin

Ní leanann teorainneacha na comhairlí ceantair teorainneacha an chontae go hiomlán, áfach. Tá roinnt de Chontae Dhoire i gComhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh, roinnt d'Ard Mhacha i gComhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Thír Eoghain Theas, agus tá roinnt de Thír Eoghain i gComhairle Ceantair Fhear Manach. Is í Tír Eoghain an chontae is náisiúnaí i dTuaisceart Éireann; toghadh 47 gcomhairleoir náisiúnacha sna ceithre chomhairle le chéile sa toghchán sa bhliain 2005, i gcomparáid le 26 chomhairleoir aontachtacha agus beirt chomhairleoirí neamhspleácha. I dtoghchán don pharlaimint Westminster agus Tionól Thuaisceart Éireann, roinntear Tír Eoghain i dtrí thoghlach; Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, Iarthar Thír Eoghain, agus Meán-Uladh. Toghadh iarrthóirí Sinn Féin sna trí thoghlach seo sna toghcháin Westminster sna blianta 2001 agus 2005; Martin McGuinness i Meán-Uladh, Michelle Gildernew i bhFear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, agus Pat Doherty in Iarthar Thír Eoghain. Sa toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann i 2007, toghadh na hiarrthóirí a leanas;

Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain:

Iarthar Thír Eoghain:

Meán-Uladh:

Tagairtí

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.