Clár Copernicus
Seirbhís de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an clár Copernicus, a bhíonn ag plé le hathrú aeráide.[1][2] Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn Copernicus, i gcomhar le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.
(en) Copernicus Programme ![]() | |||||
|
|||||
Ainmnithe in ómós | Nioclás Copairnic ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | government program (en) ![]() ![]() | ||||
Réimse oibre | Earth observation (en) ![]() ![]() | ||||
Cuspóir an tionscadail nó gníomhaíocht | monitoring (en) ![]() ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1998 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | Global Earth Observation System of Systems (en) ![]() European Union Space Programme (en) ![]() ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | ec.europa.eu… ![]() | ||||
![]() ![]() |
Is í Seirbhís Mhuirí Copernicus a sholáthraíonn an treocht réigiúnach i meánleibhéal domhanda na mara.[3] Seirbhís faireacháin ar an atmaisféar is ea Copernicus chomh maith.[4]

Fairsingiú fásaigh agus an Crios Mór Glas san Afraicː Copernicus Sentinel-2; taighde de chuid Copernicus[5]
Taighde
- Léiríonn tuarascáil de chuid Copernicus sa bhliain 2024 gur ag tráthanna áirithe i rith 2023, go raibh an teocht dhá chéim Celsius ní ba theo ná mar a bhí sí le linn na ré réamhthionsclaíche.[1][6]
- Forbraíonn uisce nuair a dhéantar é a théamh agus, de réir Copernicus, is féidir thart ar 30% den ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara inniu a chur i leith na forbartha teirmí sin amháin.
- Tá sonraí leibhéal na farraige ó íomhánna satailíte ar fáil ó Copernicus i bhfoirm sonraí greille laethúla ar leibhéal na farraige. Soláthraítear leis na sonraí sin, lena gclúdaítear an tréimhse ó 1993 go dtí an lá atá inniu ann, meastacháin dhomhanda ghreille laethúla ar aimhrialtacht leibhéal na farraige bunaithe ar thomhais airdemhéadrachta satailíte, agus aimhrialtacht leibhéal na farraige á shainmhíniú mar airde an uisce thar mheán-dhromchla na farraige in am agus réigiún ar leith.[7]
Féach freisin
Tagairtí
- Nuacht RTÉ (2024-01-09). "2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid" (as ga-IE).
- "'Clár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2024-01-09.
- "Sea level | Copernicus" (en). climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2023-09-28.
- "'seirbhís Copernicus um fhaireachán ar an atmaisféar' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2024-01-09.
- "Sentinel-2 - Missions - Sentinel Online" (en-US). Sentinel Online. Dáta rochtana: 2024-01-09.
- "Summer 2023: the hottest on record | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2023-09-06.
- Oifig na nOibreacha Poiblí. "Tuairisc an Ghrúpa Idir-Rannach ar Straitéis Náisiúnta um Bainistíocht Athraithe Cósta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-12. Dáta rochtana: 2024.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.