Capall
Mamach crúbach is ea an capall nó an t-each. Is ainmhithe móra ceathairchosacha iad na capaill. Is é Equus caballus an t-ainm eolaíoch. Úsáidtear an t-aimhe le haghaidh spóirt agus le haghaidh oibre.
Equus ferus caballus ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Perissodactyla |
Fine | Equidae |
Géineas | Equus |
Speiceas | Equus ferus |
Fospeiceas | Equus ferus caballus ![]() (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin | Equus caballus ![]() |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Equus caballus ![]() |
Téarmaí

Capaill a úsáid freisin i spóirt.

I nGaeilge na hÉíreann, is é capall an focal is coitianta, cé go n-úsáidtear each freisin. I nGaeilge na hAlban is é each an gnáthfhocal.
Stail a thugtar ar an bhfireannach agus láir a thugtar ar an mbaineannach. Tugtar searrach ar an ainmhí óg. Baineann na focail gearrán, cairiún, agus gillín le capall spochta.
Sanasaíocht
Capall
Meastar go bhfuil baint idir an focal Gaeilge “capall” agus focal na Laidine, “caballus”. Ní léir an ón bhfocal "caballus" a d'eascair an focal Gaeilge nó an focal dúchasach atá ann.
Each
Sean-Ghaeilge “ech”, Ind-Eorpais *ekwo.
Seanfhocail
- "Ní dhéanfadh an saol capall rása d’asal"
- "Cuir an diallait ar an each cóir"
Tagairtí

Déan cuardach ar capall sa Vicífhoclóir, an foclóir saor.
![]() | Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.