Baile Bhuirne
Baile beag i mbarúntacht Mhúscraí Uí Fhloínn, i lár-iarthar Chontae Chorcaí is ea Baile Bhuirne.[1] Baile Mhúirne an fhoirm áitiúil stairiúil den bhaile agus Múirneach a ghlaotar ar dhuine ón mball[2]. Tá sé suite i gCnoic Dhoire na Sagart, cúig mhíle lastoir de theorainn Chontae Chiarraí, deich míle laistiar de Mhaigh Chromtha agus tímpeall daichead míle siar ó thuaidh de Chathair Chorcaí.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 154 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411701 |
An Ghaelainn
Ceantar oifigiúil Gaeltachta is ea iarthar Mhúscraí Uí Fhloínn, ó Lios a' Chréasaigh thoir, siar go teora an chontae; agus ó Mhullach an Ois thuaidh, ó dheas go Guagán Barra agus Céim an Fhia.
Naomh Gobnait
Naomh Gobnait naomh pátrúin na dúiche. In ómós di sin is ea a ainmníodh Coláiste Ghobnatan, an mheánscoil atá ar an mbaile, agus Óstán Ghobnatan, tigh ósta atá cúpla céad slat siar an bhóthair ón gcoláiste. (Ní do 'mhainistir' go dtagraíonn ainm Béarla an óstáin seo, The Abbey Hotel. Béarlú sean-bhunaithe ar an ainm phearsanta 'Gobnait' is ea 'Abbey'.)

Tá Teampall Ghobnatan agus Tobar Ghobnatan (tobar beannaithe) ar taobh cnoic i nGort na Tiobratan agus is mó oilithreach i gcónaí a choimeádann Turas Ghobnatan.
Tá Síle na gCíoch greanta i lindéar atá os cionn fuinneoige i bhfalla theas an teampaill[3]. Cuid de dheasghnáth an Turais is ea tadhall láimhe a thabhairt di.
Baile fearainn is ea Gort na Tiobratan. Tá sé laisteas den phríomhbhóthar trí Bhaile Mhúirne (an N22).

'Gobnatan' tuiseal ginideach 'Gobnait' i nGaelainn Mhúscraí. 'Gobanatan' (/gubənətən/) a thugtar amach sa ghnáthchaint.
An Sulán
Sileann abhainn darb ainm An Sulán trí Bhaile Mhúirne, díreach laisteas den bpríomhbhóthar. Ritheann sé seo aniar ó Chúil Aodha agus soir go Maigh Chromtha, mar a mbuaileann sé leis An Laoi.

Turasóireacht
Tá Baile Mhúirne lonnaithe i ndúiche mhealltach tuaithe, ar an bpríomhbhóthar ó Chathair Chorcaí go Cill Airne agus tá an turasóireacht go láidir ann dá réir.
Tagairtí
- “Baile Bhuirne/Ballyvourney | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- An Músgraigheach Uimhir 2, Cáirde Mhúsgraighe, 1943
- The Sheela-na-Gigs of Ireland and Britain, Mercier Press, 2001.
Naisc Sheachtracha
- Coláiste Gaeilge Ghael Linn i mBaile Bhuirne Curtha i gcartlann 2017-10-26 ar an Wayback Machine
- Coláiste Ghobnatan
- An tIonad Cultúrtha
- An Músgraigheach
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |