Wolfgang Pauli
Fisicí teoiriciúil a rugadh i Vín na hOstaire ab ea Wolfgang Pauli (25 Aibreán 1900 – 15 Nollaig 1958). Chuir sé i bhfocail i 1925 prionsabal an eisiaimh nó prionsabal Pauli sa bhfisic chandamach. I 1931 réamhinis sé go raibh cáithnín neodrach ann ar thug sé neoidríonó air. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 1945. Bhí saoránacht Mheiriceánach agus Eilvéiseach aige chomh maith le saoránacht Ostarach. I Zürich na hEilvéise a bhfuair sé bás.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Wolfgang Pauli". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 509.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.