Wilhelm von Humboldt
Taidhleoir, státaire, fealsamh agus teangeolaí Gearmánach (nó Prúiseach) a bhí i Wilhelm von Humboldt (22 Meitheamh 1767 - 8 Aibreán 1835).
_-_Charles_William%252C_Baron_von_Humboldt_(1767-1835)_-_RCIN_404936_-_Royal_Collection.jpg.webp)
_1985%252C_MiNr_731.jpg.webp)
Cultúr
Eisean a bhunaigh Ollscoil Humboldt i mBeirlín. Bhí sé cairdiúil le scríbhneoirí móra Gearmáinise a linne, Johann Wolfgang von Goethe agus Friedrich Schiller.[1]
Coinnítear cuimhne ar a obair theangeolaíochta ach go háirithe, ach thairis sin, rinne sé éacht mór mar oideachasóir. Ba eisean a cheap is a d'fhorbair córas oideachais na Prúise a bhí ina réamhshampla don chóras oideachais ina lán tíortha eile, ó na Stáit Aontaithe go dtí an tSeapáin.
Bhí a dheartháir Alexander von Humboldt ar scoláirí móra a linne freisin.
Tionchar in Éirinn
Dhírigh Ernest Lewy agus Conn Ó Cléirigh a n-aird ar theoiricí teanga von Humboldt.[2]
Taidhleoireacht
D'fhreastail von Humboldt ag Comhdháil Vín.
Féach freisin
Tagairtí
- Wilhelm von Humboldt (1963). "Humanist Without Portfolio". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-04-08.
- "Ó CLÉIRIGH, Conn R. (1927–1995)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-04-08.