Vicipéid na Giúdaise
Leagan as Giúdais den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Giúdaise. Tháinig Vicipéid na Giúdaise ar an bhfód ar 3 Márta 2004, agus foilsíodh an chéad alt ar 28 de mhí na Samhna sa bhliain chéanna. Bhí 6,000 alt ann i mí Márta na bliana 2009. Úsáidtear script den chineál ar a dtugtar abjad (an cineál céanna a scríobhtar chun an Eabhrais a scríobh) le beagnach achan rud i Vicipéid na Giúdaise a scríobh. I gcás abjad bíonn comharthaí ann i gcomhair na gconsan ach, de ghnáth, ní i gcomhair na ngutaí. Is í Vicipéid na Giúdaise an 121ú Vicipéid is mó dá bhfuil ann. Ar an 26 Iúil 2019, bhí 14,780 alt ann.[1]
![]() | |
Teanga | An Ghiúdais |
---|---|
Dáta cruthaithe | 3 Márta 2004 |
Ceadúnas | Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) ![]() |
Aibítir | Aibítir Eabhraise |
Staitisticí | |
Ailt | 15,437 |
Úsáideoirí cláraithe | 51,786 |
Riarthóirí | 4 |
Leathanaigh iomlána | 44,147 |
Comhaid áitiúla | 1,059 |
Vicipéid na Giúdaise |
Tagairtí
- Liosta de leaganacha na Vicipéide ar Meta-Wiki
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.