Vera Rubin
Réalteolaí Meiriceánach ab ea Vera Florence Cooper Rubin (25 Iúil, 1928 – 25 Nollaig 2016). Ba cheannródaí luath í ag obair ar rátaí rothlaithe na réaltraí. Nocht sí an neamhréireacht idir gluaisne uilleach réamh-mheasta agus bhreathnuithe ar réaltraí trí staidéar a dhéanamh ar chuair rothlaithe réaltraí.[1][2] Trí fhadhb rothlaithe an réaltra a aithint, chuir a cuid oibre fianaise ar fáil maidir le damhna dorcha a bheith ann. [3] Deimhníodh na torthaí sin ina dhiaidh sin.
Ag tosú ar a gairm acadúil mar an t-aon fhochéimí sa réalteolaíocht i gColáiste Vassar, chuaigh Rubin ar aghaidh chuig staidéar iarchéime in Ollscoil Cornell agus in Ollscoil Georgetown, áit ar bhreathnaigh sí diallais ó shreabhadh Hubble i réaltraí agus ar chuir sí fianaise ar fáil go raibh sárbhraislí réaltracha ann.[1][4] Tugadh onóracha di i rith a gairme as a cuid oibre, ina measc Bonn Bruce, Bonn Óir Chumann Ríoga na Réalteolaíochta, Bonn Náisiúnta na hEolaíochta, agus gradaim éagsúla eile.[4][5]
Chaith Rubin a saol ag abhcóideacht ar son na mban san eolaíocht, agus bhí cáil uirthi mar gheall ar a meantóireacht ar réalteolaithe mná éirimiúla. Chuir an New York Times síos ar a hoidhreacht mar "ushering in a Copernican-scale change" i dteoiric na cosmeolaíochta.[1][4]
Tagairtí
- Overbye (December 27, 2016). "Vera Rubin, 88, Dies; Opened Doors in Astronomy, and for Women". The New York Times. Dáta rochtana: December 27, 2016.
- Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. "". Vox.
- de Swart (2017). "How dark matter came to matter". Nature Astronomy 1 (59): 0059. doi: . Bibcode: 2017NatAs...1E..59D.
- "{{{title}}}" (June 1997). The Observatory 117: 129–135. Bibcode: 1997Obs...117..129..
- Domonoske (December 26, 2016). "Vera Rubin, Who Confirmed Existence Of Dark Matter, Dies At 88". NPR News. Dáta rochtana: December 27, 2016.