Vega (réalta)
Is í Vega (nó Alpha Lyrae, α Lyr) an réalta is gile i réaltbhuíon na Líre. Tá sí ar an gcúigiú réalta is gile ar an spéir, agus ar an dara ceann is gile ar spéir oíche an Tuaiscirt, nó is é Arcturus an ceann is gile. Is minic a fheictear in aice an fhorair í i meán-domhanleithead an Tuaiscirt, agus an samhradh ann.
Níl Vega i bhfad ar shiúl uainn, nó níl sí ach faoi 25.3 solasbhliain dínn. In éineacht le Sirius agus Arcturus, tá sí ar réaltaí geala ár gcomharsanachta sa réaltra seo. Ceann de reanna Thriantán an tSamhraidh atá ann, in éineacht le hAltair i réaltbhuíon an Iolair agus le Deneb i réaltbhuíon na hEala. Is réaltlach é Triantán an tSamhraidh atá an-so-aitheanta ar spéir an Tuaiscirt, ó nach bhfuil mórán réaltaí geala ina chóngar.
Baineann Vega leis an aicme speictreach A0V, agus í beagáinín níos teo ná Sirius, atá san aicme A1V. Réalta de chuid an phríomhsheichimh atá ann, agus í ag comhleá hidrigin go héiliam. Ós rud é go bhfuil Vega chomh te sin, is dócha nach mbeidh sí leath chomh fadsaolach ná na réaltaí níos fuaire ná í, ar nós ár nGréine féin. Tá dhá uair go leith níos mó maise i Vega ná sa Ghrian, ach tá sí á dó caoga uair níos fuinniúla.
De thoradh an fheiniméin ar a dtugtar an luainíocht, tiocfaidh Vega in áit Stella Polaris mar réalta pholach, de réir a chéile. Thart ar an mbliain 14,000 i ndiaidh bhreith Chríosta, beidh Vega ina réalta pholach ar spéir an tuaiscirt.
Sonraí breathnóireachta, achoimre
(aga: J2000)
Réaltbhuíon: An Lír/Lyra
Ceartairde: 18h 36m 56.3s
Diallas: +38° 47' 01"
Méid dhealraitheach (V): 0.03
Saintréithre na réalta féin
Aicme speictreach: A0 V
Dathinnéacs B-V: 0.00
Dathinnéacs U-B: -0.01
Réalta athraitheach den chineál Delta Scuti
Saintréithre réaltmhéadrachta
Treoluas gathach (Rv): -13.5 km/s
Dualghluaisne (μ):
- RA: 201.02 milleashoicind stua in aghaidh na bliana
- Dec.: 287.46 milleashoicind stua in aghaidh na bliana
Saobhdhiallas (π): 129.01 ± 0.52 milleashoicind stua
Fad ón nGrian: 25.27 solasbhliain (7.751 parsoic)
Dearbhmhéid (MV): 0.58
Mionsonraí
Maise: mais na Gréine méadaithe faoi 2.6
Ga: ga na Gréine méadaithe faoi 3.1
Lonrachas: lonrachas na Gréine méadaithe faoi 51
Teocht: 9,300 K
Miotalacht: 63%
Rothlú: níl a fhios againn
Aois: 3.5 × 108 bliain
Sonrúcháin eile
Alpha Lyra, α Lyra, 3 Lyr, GJ 721, HR 7001, BD +38°32
Is síol a bhaineann leis réalta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Christopher J. Corbally (Deireadh Fómhair 2003). "Contributions to the Nearby Stars (NStars) Project: Spectroscopy of Stars Earlier than M0 within 40 Parsecs: The Northern Sample. I" (as Béarla) (4): 2048–2059. doi: .
- Jinmi Yoon (8 Nollaig 2009). "A New View of Vega's Composition, Mass, and Age" (as Béarla) (1): 71–79. doi: .
- Gerard T. van Belle (20 Nollaig 2017). "Fundamental Parameters of 87 Stars from the Navy Precision Optical Interferometer" (as Béarla) (1). doi: .
- "Astrometric Studies of Aldebaran, Arcturus, Vega, the Hyades, and Other Regions" (as Béarla) (13 Meitheamh 2008) (1): 452–460. doi: .
- Ráite i: Catalogue of Stellar Photometry in Johnson's 11-color system. Stated in source according to: SIMBAD. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 2002.
- Saul Adelman (11 Feabhra 2014). "Normal A0−A1 stars with low rotational velocities. I. Abundance determination and classification" (as Béarla). doi: .
- "Astrometric Studies of Aldebaran, Arcturus, Vega, the Hyades, and Other Regions" (as Béarla) (13 Meitheamh 2008) (1): 452–460. doi: .
- "Rotational velocities of A-type stars. III. Velocity distributions" (as Béarla) (Feabhra 2007) (2): 671–682. doi: .
- "Pulkovo Compilation of Radial Velocities for 35 495 Hipparcos stars in a common system" (as Béarla) (Samhain 2006) (11): 759–771. doi: .
- Kim Venn (1990). "The chemical composition of three lambda Bootis stars" (as Béarla): 234–244. doi: .
- Floor van Leeuwen (2007). "Validation of the new Hipparcos reduction" (as Béarla) (2): 653–664. doi: .
- Ráite i: Heavy element abundances in Ap stars from ultraviolet data. I. The bright reference stars alpha Lyrae and alpha Canis Majoris A. Stated in source according to: SIMBAD. Dáta foilsithe: 1978. DOI: 10.1086/155808.