Veaspáisian
Impire Rómhánach ó AD 69 go AD 79 ab ea Veaspáisian[1] (Laidin: Titus Flavius Caesar Vespasianus Augustus; 17 Samhain 9- 23 Meitheamh 79). B'eisean a bhunaigh an ríshliocht Flaiviach a rialaigh an Impireacht le cúig bliana fichead.
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Titus Flavius Vespasianus |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 17 Samhain 9 Falacrine (An Iodáil Rómhánach) |
Bás | 23 Meitheamh 79 69 bliana d'aois Aquae Cutiliae |
Siocair bháis | Bás nádúrtha |
Áit adhlactha | An Róimh |
Impire Rómhánach | |
21 Nollaig 69 – 24 Meitheamh 79 ← Vitellius – Títeas → | |
Aedíleach pleibeach | |
38, 39 – | |
Praetóir | |
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe | |
Consal Rómhánach | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Creidimh na Sean-Róimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, saighdiúir |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Teangacha | An Laidin |
Gairm mhillteach | |
Céim mhíleata | legatus |
Eile | |
Teideal uasal | Impire |
Teaghlach | Flavian dynasty (en) agus Flavii Sabini (en) |
Céile | Domitilla Mór |
Páirtí | Caenis |
Páiste | Títeas ( Domitilla Mór) Domitianus ( Domitilla Mór) Domitilla Óg ( Domitilla Mór) |
Athair | Titus Flavius Sabinus agus Vespasia Polla |
Siblín | Titus Flavius Sabinus agus Flavia Vespasia |
Is fearr aithne ar réimeas Veaspáisian mar gheall ar thionscadail tógála éagsúla uaillmhianacha, mar shampla an Colasaem. Chuir sé i bhfeidhm chomh maith leasúchán airgeadais tar éis meath an ríshleachta Iúil-Claudiach. Agus ba é siúd ba mhó a bhí taobh thiar de shocrú na síochána sa Phalaistín agus Iúdáia.[2]
Saol
Muintir
Rugadh Veaspáisian i bhFalacrina (Latin: Falacrīnum nó vīcus Phalacrīnae), sa tír Saibíneach in aice le Reate. Ní raibh a theaghlach oirirce den chuid is mó agus bhí easpa ginealaigh acu. B'é a sheanathair athartha, Titus Flavius Petro, an chéad duine acu chun clú a tharraing air féin, ag ardú go dtí céim an taoisigh chéid (Laidin: centurio) agus throid sé ag Pharsalus (Greigis Ársa: Φάρσαλος) do Phoimpéas (Laidin:Gnaeus Pompeius Magnus) sa bhliain 48 BC. Ina dhiaidh, sin ba bhailitheoir fiachais é.
Ba ó shliocht theaghlach eachaíochta (Laidin:ordo equeste) é Veaspáisian, a bhfuair ardú céime isteach i gcéimíocht na seanadóirí, faoi na hImpirí de chuid an ríshliocht Iúil-Claudiach.
Saighdiúireacht
Cé gur shroich sé an gnáth comharbas mar oifigeach poiblí, ceapadh ina chonsul é sa bhliain 51 AD. Bhí ainm in airde aige mar cheannasaí rathúil míleata. Ghlac sé páirt in ionradh na Rómhánach ar an Bhreatain sa bhliain 43.
Bhí sé ina cheannasaí sa tSiria agus sa Phalaistín.[2] Chuir sé an Iúdáia faoi smacht le linn éirí amach na nGiúdach, sa bhliain 66. Ba é siúd ba mhó a bhí taobh thiar de shocrú na síochána sa Phalaistín agus Iúdáia.
Seilbh ar an gcumhacht
Nuair a bhí Veaspáisian ag ullmhú chun chathair Iarúsailéim a chur faoi léigeár, chuir an t-impire Nearó lámh ina bhás féin, rud a thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air.
Tar éis bás tapa na n-impirí Galba (Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus), Otho (Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus), a bhí i gcomharbas ar a chéile, ceapadh Vitellius (laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus) ina Impire in Aibreán na bliana 69.
Thacaigh Veaspáisian le Vitellius ar dtús.[2] Ach níos déanaí, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Veaspáisian mar impire ar an 1 Iúil.
Ina iarracht chun chumhacht a bhaint amach, nasc Veaspáisian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia, agus mháirseáil sé ar an Róimh.[2]
Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius. Ar an 20 Nollaig 69, briseadh ar Vitellius, agus an lá dár gcionn dhearbhaigh an Seanad Veaspáisian ina Impire Rómhánach.
Leasaitheoir
D’athchóirigh Veaspáisian cúrsaí airgeadais an stáit.[2] Ghearr sé siar ar nithe rabairneacha. Bhunaigh sé scoileanna agus thóg sé folcadáin. Thosaigh sé ag obair ar an gColasaem.
Comharbacht
Ar a bhás in aois 70 dó, sa bhliain 79, tháinig a mhac ba shine Títeas (Laidin:Titus Flavius Caesar Vespasianus Augustus ) i gcomharbacht air, mar sin, b'é an chéad Impire Rómhánach é a d'éirigh len a mhac féin dul i gcomharbas air.
Tagairtí
- ““Veaspáisian” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-21.
- examinations.ie/ (2010). "AN ARDTEISTIMÉIREACHT 2010, Laidin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.