Urchadh mac Murchadha
Rí Mhaigh Sheola ba ea Urchadh mac Murchadha (aitheanta fosta mar Archad Dearg) (bás 943).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 943 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Páiste | Bébhinn ní Urchadha, Creasa ní Urchadha, Donnchadh mac Urchadha, Caineach ní Urchadha |
Athair | Murchadh mac Maonaigh |
Beatha
Ar cheann desna taoisigh is luaite sa cheantar (Uí Briúin Seóla) dá bhfuil fianaise ann is ea Urchadh. Is amhlaidh go raibh tionchar éigin acu thar Iar Chonnacht. Ainmnithe as a athair féin ba ea a rítheaghlach, Muintir Mhurchadha. Mhaífeadh clann Uí Fhlaithbheartaigh níos deireanaí é mar shinsear.
Clann
Bhí deartháir níos sine ag Urchadh ainm Urumhain nó Earca.
I dteannta lena mhac agus comharba, Donnchadh, bhí triúr iníonacha aige a chuaigh i gcleamhnais uaisle:
- Bébhinn, pósta le Cennétig mac Lorcáin, rí Thuamhan.
- Creasa, pósta le Tadhg mac Cathail, rí Chonnacht.
- Caineach, pósta le tiarna Shíol Muireadaigh.
Trína iníon Bébhinn, seanathair Bhriain Bóramha, Ardrí na hÉireann (bás 1014), ba ea Urchadh.
Foinsí
- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
- Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
Tagairtí
- Roderic O'Flaherty, A Chorographical Description of West Or H-Iar Connaught, 1684, lch 365, archive.org
Réamhtheachtaí Cléirchén mac Murchadha |
Ríthe Mhaigh Sheola 891?–943 |
Comharba Donnchadh mac Urchadha |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.