Uada mac Aodha

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Uada mac Aodha (Sean-Ghaeilge Uatu mac Áedo) (bás 600[1]). Aodh mac Eachach Thirimcharna (bás 575) ba ea a athair.[2]

Infotaula de personaUada mac Aodha
Beathaisnéis
Bás600 (>600)
Teaghlach
PáisteRogallach mac Uatach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÁed mac Echach

Feictear Uada sna ríliostaí tar éis a athar, a chuireann le fios gur tháinig sé i gcoróin sa bhliain 575. Coinníonn Byrne an t-ord seo, ach tugann sé faoi ndeara nach dtugtar an teideal rí dó ina thásc i nAnnála Uladh.[3] Ní aontaíonn sé go raibh luath-ríthe Uí Bhriúin ina ríthe ruireacha na gConnacht.[4]

Rinneadh níos deireanaí rí dá mhac, Raghallach (bás 649).

Féach freisin

Foinsí

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 19
  3. Annála Uladh, AU 602.4
  4. Byrne, lch. 246
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.