Uí Dhúnlainge
Rítheaghlach na Laigin ba ea Uí Dhúnlainge (níos sine Uí Dúnlainge) a rianaigh a sinsearacht go Dúnlaing mac Énda Niada. Dúradh é gur chol ceathrair é d'Éanna Cinnsealach, sinsear eapainmneach Uí Chinnsealaigh.
I ndiaidh bhás Aodha mhic Colgan I gCath Átha Seanaigh (738), bhí Uí Dhúnlainge ina Ríthe na Laighean gan fhreasúra. Roinneadh an rítheaghlach ansin ina thrí chlann, a rinne uainíocht ar an ríogacht idir na bliana 738-1042. Is neamhghnách é an socrú seo i luathstair na hÉireann, ach rinne na hUlaid amhlaidh.
- Ceithre rí déag Uí Mhuireadaigh, bunaithe ag Máistín
- Naoi rí Uí Fhaoláin, bunaithe An Nás/Nás na Ríogh
- Deich rí Uí Dhúnchadha, bunaithe ag Cnoc Liamhna, gar do bhaile Átha Cliath. Tá nasc idir an chlann úd agus na logainmneacha An Carnán agus Baile Formaid.[1]
Tar éis bhás an rí dhearanaigh de mhuintir Uí Dhúnlainge, Murchad mac Dúnlainge sa bhliain 1042, d'fhill an ríogacht ar Uíbh Chinnsealaigh bunaithe san oirdheisceart.
Féach freisin
Foinsí
- O'Brien, Michael A., eag. (1962). Corpus Genealogiarum Hiberniae. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ll. 12–14. Genealogies for the Uí Dúnlainge of Leinster, ISBN 0901282316.
- O'Brien, Michael A. "A Middle Irish poem on the Christian kings of Leinster." Ériu 17 (1955), ll. 35–51.
Tagairtí
- Eoghan Corry agus Jim Tancred; Annals of Ardclough (2004).
Teimpléad:Laigin
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.