Tzipi Livni
Polaiteoir, dliodóir agus iar-aire gnóthaí eachtracha Iosrael is ea Tziporah Malka "Tzipi" Livni (Eabhrais: ציפורה מלכה "ציפי" לבני; IPA: tsipoˈʁa malˈka ˈtsipi ˈlivni) a rugadh in Tel Aviv ar 8 Iúil 1958.
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (he) ציפי לבני |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 8 Iúil 1958 65 bliana d'aois Tel Aviv, Iosrael ![]() |
Ball den Knesset | |
1 Eanáir 2019 – 30 Aibreán 2019 Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) ![]() | |
Leader of the Opposition (en) ![]() | |
1 Lúnasa 2018 – 1 Eanáir 2019 ← Isaac Herzog – Shelly Yachimovich → Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) ![]() | |
Ball den Knesset | |
31 Márta 2015 – 1 Eanáir 2019 Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) ![]() | |
Justice Minister of Israel (en) ![]() | |
18 Márta 2013 – 4 Nollaig 2014 ← Yaakov Neeman | |
Ball den Knesset | |
5 Feabhra 2013 – 31 Márta 2015 Téarma parlaiminte: 19th Knesset (en) ![]() | |
Ball den Knesset | |
24 Feabhra 2009 – 3 Bealtaine 2012 – Yuval Zellner → Téarma parlaiminte: 18th Knesset (en) ![]() | |
Justice Minister of Israel (en) ![]() | |
29 Samhain 2006 – 7 Feabhra 2007 ← Meir Sheetrit – Daniel Friedmann → | |
Ball den Knesset | |
17 Aibreán 2006 – 24 Feabhra 2009 Téarma parlaiminte: 17th Knesset (en) ![]() | |
Minister of Foreign Affairs, Israel (en) ![]() | |
18 Eanáir 2006 – 1 Aibreán 2009 ← Silvan Shalom – Avigdor Lieberman → | |
Ball den Knesset | |
23 Samhain 2005 – 17 Aibreán 2006 Téarma parlaiminte: 16th Knesset (en) ![]() | |
Justice Minister of Israel (en) ![]() | |
5 Nollaig 2004 – 4 Bealtaine 2006 ← Tommy Lapid – Haim Ramon → | |
Minister of Construction (en) ![]() | |
4 Meitheamh 2004 – 10 Eanáir 2005 ← Effi Eitam – Isaac Herzog → | |
Minister of Immigrant Absorption (en) ![]() | |
28 Feabhra 2003 – 4 Bealtaine 2006 ← Airiél Searón – Ze'ev Boim → | |
Ball den Knesset | |
17 Feabhra 2003 – 23 Samhain 2005 Téarma parlaiminte: 16th Knesset (en) ![]() | |
Minister of Agriculture and Rural Development (en) ![]() | |
17 Nollaig 2002 – 28 Feabhra 2003 ← Shalom Simhon – Israel Katz → | |
Minister without portfolio (en) ![]() | |
29 Lúnasa 2001 – 17 Nollaig 2002 | |
Ball den Knesset | |
7 Meitheamh 1999 – 17 Feabhra 2003 Téarma parlaiminte: 15th Knesset (en) ![]() | |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bar-Ilan Ironi Alef High School (en) ![]() ![]() |
Áit chónaithe | Tel Aviv |
Teanga dhúchais | An Eabhrais |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Iarúsailéim Ollscoil Tel Aviv ![]() |
Gairm | polaiteoir, príomhoifigeach feidhmiúcháin, spiaire, abhcóide, dlíodóir, taidhleoir, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta ![]() |
Fostóir | Mossad (en) ![]() ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Hatnuah Kadima Likud An tAontas Síónach ![]() |
Teangacha | Béarla, an Fhraincis agus An Eabhrais |
Gairm mhillteach | |
Brainse míleata | Fórsaí Cosanta Iosrael |
Céim mhíleata | senior lieutenant (en) ![]() ![]() |
Spórt | cispheil ![]() |
Ghlac sé/sí páirt i | |
22 Eanáir 2019 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019 |
21 Eanáir 2015 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2015 |
22 Eanáir 2014 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014 ![]() |
Teaghlach | |
Athair | Eitan Livni agus Sara Livni |
Síniú ![]() | |
Suíomh gréasáin | tzipilivni.co.il ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Saol

Luathshaol
Bhí a hathair agus a máthair ina n-oifigigh san Irgun (grúpa paraimíleata a raibh baint aige leis an Síónachas Athbhreithnitheach idir 1931 agus 1948).[1] Mar sin ba de chúlra an-náisiúnach í.
Tar éis di a bheith i bhFórsaí Cosanta Iosrael agus Mossad, chríochnaigh sí a céim sa dlí in Ollscoil Bar-Ilan. Bhí sí ag dlíodóireacht ó lár na 1980idí go dtí lár na 1990idí, go háirithe sa dlí poiblí, sa dlí tráchtála agus sa dlí réadmhaoine.

Polaitíocht
Bhí sí ina POF ar Údarás na gCuideachtaí Rialtais ó 1996 go 1999, tráth a raibh a lán fiontar a bhí faoi úinéireacht an stáit á bpríobháidiú. Toghadh mar bhall an Knesset sa bhliain 1999 í (ar liosta Likud).
Seachas tréimhse ghearr sa bhliain 2012, bhí sí sa Knesset ó 1999 go dtí 2020 (Likud 1999-2005; Kadima 2005-12; Hatnuah 2012-15; An tAontas Síónach 2015-19; agus Hatnuah arís sa bhliain 2019). Bhí sí i gcoimhlint le Benjamin Netanyahu agus an Páirtí Likud ó 2005 ar aghaidh. Bhunaigh sí an páirtí Hatnuah sa bhliain 2013, a tháinig le chéile le daoine as páirtithe eile sa bhliain 2015 leis an Aontas Síónach a chur ar bun.
- Bhí Tzipi Livni i gcomh-aireacht Iosrael faoi ocht.
- Bhí sí ina hAire Dlí agus Cirt faoi dhó (2006-2007 agus 2013-14)
- Bhí sí ina Ceannaire ar an bhFreasúra ó 2009 go 2012.
.jpg.webp)
Theip uirthi agus í i measc dream a bhí ag iarracht Bundlíthe Iosrael a dhaingniú, in aghaidh aisghairm nó leasú a dhéanfadh tromlach simplí sa Knesset. Theip uirthi chomh maith nuair a chuir sí An tOllamh Ruth Gavison chun cinn maidir le ceapachán do Chúirt Uachtarach Iosrael. D'éirigh le moladh a rinne sí agus í ina hAire Dlí agus Cirt den chéad uair nuair a cuireadh atheagar ar phianbhreitheanna, tráth a raibh sí ina hAire Gnóthaí Eachtracha.
Gnóthaí eachtracha
Bhí ina hAire Gnóthaí Eachtracha idir 2006 agus 2009. Tá sí i bhfabhar réiteach an dá stát.
Taobh amuigh d'Iosrael, is dócha gur fearr aithne uirthi as an tacaíocht a thug sí dá meantóir Ariel Sharon nuair a bhí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus don réiteach dhá stát le haghaidh an achrainn idir Iosrael agus an Phalaistín.

Cuireadh aiféaltas ar Rialtas na Breataine agus spreagadh díospóireacht nua maidir le dlínse uilíoch ar choireanna cogaidh nuair a d'eisigh giúistís i Westminster (de réir tuairiscí) barántas gabhála do Livni (a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin), maidir leis an bpáirt a bhí aici in Oibríocht Luaidhe Theilgthe (ionradh de chuid Iosrael ar Stráice Gaza i mí na Nollag 2008 agus mí Eanáir 2009.)
"Ar scor"
D'éirigh sí as an bpolaitíocht sa bhliain 2019.
Tagairtí
- "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-09.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |