Trombóis
Cruthú téachtán fola taobh istigh d'fhuileadán de bharr bac codánach nó iomlán. An chéad chéim a tharlaíonn is ea cruthú na próitéine fibrin ón réamhtheachtaire intuaslagtha fibrinigin, Déanann an fibrin mogall ina mbíonn cealla dearga fola is pláitíní gafa, agus déanann sé sin dallán a chuireann stop le rith na fola. Gníomhachtaítear an t-athrú ó fhibrinigin go fibrin trí shraith einsimí, 13 fachtóirí téachta is ian cailciam, a thiomáineann na himoibrithe easa ar aghaidh. Tosaíonn an próiseas casta seo le tadhall na fola le hionad damáiste don fhuileadán nó fíochán, nó le paiste artairiscléaróise. Is féidir le trombóis tarlú taobh istigh d'aon artaire nó féith sa cholainn. Tarlaíonn stróc de bharr trombóise sna hartairí ceirbreacha is ionfharchtadh miócairdiach de bharr trombóise in artairí corónacha sa chroí. Má tharlaíonn trombóis i bhféith, is féidir go mbrisfidh sí saor agus eambólas a dhéanamh.[1]
Cineál | hematologic disorder (en) , galar soithíoch, Vascular occlusion (en) , eambólacht agus trombóis agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | angeolaíocht, máinliacht shoithíoch agus haemaiteolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais apixaban (en) , fondaparinux (en) , dabigatran etexilate (en) , clopidogrel (en) , eptifibatide (en) , rivaroxaban (en) agus Warfairín | |
Aicmiú | |
ICD-10 | I80 agus I82 |
ICD-9 | 437.6, 453, 671.5 agus 671.9 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0148529 |
MeSH | D013927 |
UMLS CUI | C2586211 agus C0040053 |
DOID | DOID:0060903 |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Trombóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 679.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |