Triomach
Tréimhse fhada aimsire tirime, i gcomhar de ghnáth le frithchioclón bacainneach ina mbíonn an t-imghalú níos mó ná an fhrasaíocht, a chuireann tús le heasnamh fliuchrais san ithir.
Claonadh ag réigiúin áirithe, tailte loiscneacha is leathloiscneacha go príomha, go dtarlóidh triomach iontu, agus bíonn ganntanas bia is fulaingt uafásach dhaonna ansin.
Tíreolaíocht
Is féidir go dtarlóidh triomach i dtír ar bith má theipeann an bháisteach.
Sa tSaiheil ar imeall theas an tSahára, ní bhfuarthas i 1968-1972 ach báisteach bhliantúil a bhí 50% de mheánbháisteach 1931-1960: bhí gorta thar a bheith marfach ann.
Áiteanna eile a bhfuil claonadh chun triomaigh iontu is ea iarthar is lár na Stát Aontaithe, codanna den Astráil is san Afraic Theas.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Triomach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 678.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin athrú aeráide é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.