Traolach Mac Suibhne
Polaiteoir agus réabhlóidí Éireannach ab ea Traolach[1] Mac Suibhne nó Terence MacSwiney (28 Márta 1879 - 25 Deireadh Fómhair, 1920).[2] Chaithfí é a áireamh ar mhairtírigh mhóra na hÉireann.[3][4]
Saol
Rugadh i gCathair Chorcaí é. Bhí sé ar scoil sa Mhainistir Thuaidh. Agus é 15 bliain déag d'aois, ghlac sé le post cuntasaíochta. Bhain é céim amach san fhealsúnacht de bharr scrúduithe na hOllscoile Ríoga (Coláiste na hOllscoile Corcaigh inniu) in 2007, in aois 27 bliain dó.
Níos daoine,bhí sé ar dhuine de na chéad scoláirí i gColáiste na Mumhan sa bhliain 1904, agus in aois 24 dó.[5] Phós sé Muriel Ní Mhurchú ar 9 Meitheamh 1917 in Bromyard i Sasana mar a raibh sé ar díbirt. Rugadh iníon dó, Máire, ar 23 Meitheamh 1918 agus le Gaeilge ar fad a bhí an leanbh á tógáil acu. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge sa bhliain chéanna agus bhí baint mhór aige le heagrú an Oireachtais i gCorcaigh in 1919.
Bhí baint mhór aige le bunú na nÓglach i gCorcaigh um Nollaig 1913 agus ceapadh é ina thimire lánaimseartha acu in 1915.
Cogadh na Saoirse
Toghadh ina Theachta Dála don Chéad Dáil é i gCorcaigh Thiar in olltoghchán 1918.
Roghnaíodh Mac Suibhne mar Ard-Mhéara Chorcaí ar an 27 Márta 2019, tar éis báis Thomáis Mhic Churtáin seacht lá roimhe sin (measadh gur mharaigh an RIC a réamhtheachtaí, Tomás Mac Curtáin, níos túisce sa bhliain).[6] D'éirigh sé ina cheannfort ar an gCéad Bhriogáid Chorcaí san IRA ag an am céanna.[7]
Bás
Cuireadh Mac Suibhne faoi ghlas ar an 12 Lúnasa, 1920. Fuair sé bás i bPríosún Brixton, tar éis dó a bheith ar stailc ocrais ar feadh 74 lá. Tháinig clú air ar fud an domhain dá bharr.[8]
Oidhreacht
Tháinig a bhás seachtain roimh bású Kevin Barry. Mar sin, tharraing an dá bhás aird ar chúis na bPoblachtánach.
Phós a iníon Máire Nic Shuibhne Ruairí Brugha, mac an Teachta Dála frith-chonartha Cathal Brugha, sa bhliain 1945.
Tagairtí
- Toirdhealbhach uaireanta
- Ed Power. "What Terence MacSwiney’s body went through during his 74-day hunger strike" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- "MAC SUIBHNE, Traolach (1879–1920)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- Le petit journal, Páras (1920). ""le martyr irlandais"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-17. Dáta rochtana: 2020.
- "PressReader.com - Your favorite newspapers and magazines.". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- Wed, 27 Mar, 2019 - 20:00 (2019-03-27). "Terence MacSwiney: The life and times of a Cork martyr" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- COBÁC (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.
- "Le Petit Journal" (en). Mindship. Dáta rochtana: 2020-10-25.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |