Tróndaigh
Is oileán beag sna hOileáin Istigh, Comhairle na Gàidhealtachd, é Tróndaigh (Béarla: Trodday). Tá sé suite lastuaidh den Eilean Sgitheanach. Tá sé timpeall is dhá chiliméadar ó Rubha na h-Aiseig i dTrondairnis. Tá an pointe is airde ar an oileán 45 méadar os cionn na farraige. Níl aon duine ina chónaí ann. Seo iad na comhordanáidí: 57° 43′ 32.88″ T agus 6° 17′ 58.92″ I.
| ||||
Cineál | Oileán ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Na hOileáin Laistigh ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland ![]() | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tAigéan Atlantach ![]() | |||
Tréithe | ||||
Toisí | 0.65 (![]() ![]() | |||
Achar | 0.38 km² ![]() | |||
Tháinig an t-ainm Tróndaigh as an tSean-Lochlainnis leis an gciall "Ceann Tíre Thrond".[1]
Tá teach solais i dTróndaigh a bhí tógtha sa bhliain 1908 ag Charles Alexander Stevenson.[2]
Ar an chéad lá de mhí an Mheithimh 2006, briseadh an long Brothers BF 138 ar an oileán. Níltear cinnte cad a tharla. Aimsíodh fear amháin ar chladach na tíre móire 18 Meitheamh 2006; bhí sé marbh. Tá an dara fear ar iarraidh fós. Bhí an Marine Accident Investigation Branch den tuairim den gur tharla an timpiste toisc gur éirigh na hiascairí róthuirseach.[3]
Tagairtí
- Iain Mac an Tailleir, "Placenames", lch. 114, Pàrlamaid na h-Alba
- Tithe solais tógtha ag Charles Alexander Stevenson Curtha i gcartlann 2007-07-13 ar an Wayback Machine (Béarla)
- Marine Accident Investigation Branch Curtha i gcartlann 2009-01-06 ar an Wayback Machine (Béarla)
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na hAlban é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |