Tròndairnis
An leithinis is faide ó thuaidh den Eilean Sgitheanach, in Albain is ea Tròndairnis. Is é an pointe is faide ó thuaidh dá chuid ná Rubha Hùinis, agus an pointe is faide ó thuaidh den Eilean Sgitheanach.
| ||||
Cineál | Leithinis ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Oileán Sciathánach ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland ![]() | |||
| ||||
Ceann de na gnéithe is fearr aithne atá ag an leithinis ná an a shciorradh talún, sciorradh talún ollmhór a ritheann beagnach fad iomlán na leithinse, thart ar 30 ciliméadar. Tá dhá cheann de na sainchomharthaí is cáiliúla san Eilean Sgitheanach sa sciorradh talún: An Stòr, stuaic chreagach iargúlta, agus A' Chuith-Raing, limistéar ina bhfuil foirmíochtaí carraigeacha drámatúla agus neamhghnácha. Is é mullach na stuaice, ar a bhfuil An Stòrr suite, an pointe is airde den leithinis. Tá an chuid thoir thuaidh den leithinis timpeall A' Chuith-Raing ainmnithe mar Limistéar Scéimhe Náisiúnta agus is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialtaa é an sciorradh talún ar fad.
Bí loirg dineasáir le fáil ag An Corran, ar láithreán fhiagaí/cnuasaitheora Méisiliteach é freisin a théann chomh fada siar go dtí an 7ú mílaois RCR. Seasann fothracha an chaisleán 'Caisteal Dhùn Tuilm' ón 14ú -15ú haois ag ceann thuaidh na leithinse.
Is iad na trí lonnaíochtí móra ar Thròndairnis ná Port Rìgh, a mheastar go ginearálta mar phríomhchathair an oileáin, Ùige, críochfort farantóireachta, agus Stafainn. Is é Tròndairnis an ceantar is láidre ina labhraítear Gaeilge na hAlban san Eilean Sgitheanach.
Naisc Sheachtracha
- Tròndairnis Curtha i gcartlann 2012-02-04 ar an Wayback Machine
Tagairtí
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na hAlban é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |