Tony Blair
Iar-Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe is ea Anthony Charles Lynton Blair (6 Bealtaine 1953 a rugadh é), ar a dtugtar Tony Blair go forleathan, idir 1997 agus 2007, nuair a tháinig Páirtí an Lucht Oibre chun cinn tar éis 18 mbliana faoin bPáirtí Coimeádach.
Tá tréimhse níos faide caite aige mar Phríomh-Aire ná mar a chaith duine ar bith eile de cheannairí Pháirtí Lucht Oibre na Ríochta Aontaithe.
Conspóidí
Abhcóide é chomh maith le polaiteoir agus níorbh údar iontais é gur léirigh sé scileanna an dá ghairme mar chosaint ar chinnidh a rinne sé mar Phríomh-Aire.[1]
Laoch is ea é fós i súile in Éirinn, nó cuid acu ar aon nós, nuair a shínigh Rialtas Blair Comhaontú Aoine an Chéasta a bhliain 1998. Náire shaolta é ag daoine eile a mhaíonn gur chóir é a chúiseamh i ngeall ar chogadh na hIaráice.[1] Mhaígh Blair fiú ag an am go bhféadfadh Saddam Husseim an Ríocht Aontaithe a ionsaí agus airm ceimiceacha aige (bréág a bhí ann). Cúpla bliain íos déanaí, tharraing na meáin aird ar leith ar ráiteas amháin ó Blair, a dúirt i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, is gur chuma.[2]
Bhain Blair geit as daoine sa bhliain 2015, ar scor ag an am, nuair a mhaígh sé ag fiosrúchán go dtitfeadh an próiseas síochána Thuaisceart Éireann as a chéile sa bhliain 2007, ar lár d’uireasa na litreacha sóláis a seoladh chuig iarbhaill den IRA Sealadach a bhí ar a dteitheadh.[1]
I mí Dheireadh Fómhair 2021, ainmníodh Blair sna Páipéir Pandora.[3]
Féach freisin
- Cogadh na hIaráice (2003 ar aghaidh)
- Comhaontú Aoine an Chéasta (1998)
Tagairtí
- Póilín Ní Chiaráin (2016). "Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
- Mícheál Ó hUanacháin (2016). "Brexit, Blair, Bush agus meon an díoltais…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
- ""Pandora Papers: Tony and Cherie Blair avoided paying £312,000 in tax on London property by acquiring offshore firm"".
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |