Tom Murphy
Dramadóir Éireannach ab ea Tom Murphy (nó Tomás Ó Murchú) (a rugadh sa bhliain 1935 i dTuaim, Co. na Gaillimhe agus a d'éag 15 Bealtaine 2018).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Feabhra 1935 Tuaim, Éire |
Bás | 15 Bealtaine 2018 83 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Amharclannaíocht agus drámaíocht |
Gairm | drámadóir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach |
Bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath nuair a d'éag sé.
Saothar
D'ob é Feadaíl sa Dorchadas (A Whistle in the Dark) a léiríodh ar an ardán don chéad uair i 1961, is a chruthaigh neart chonspóide, a chéad dreama. Bhí réalachas ag baint leis an léiriú seo de theaghlach Éireannach ar imirce i Sasana sna caogaidí.
Bhíodh Murphy i gcónaí ag baint triail as stíleanna agus ábhair úra. Aistríodh sé ó réalachas go dtí osréalachas, mar a fheictear ins an dráma An Mhaidin tar éis Soirbhíochais (The Morning after Optimism) chuig an caint liriciúil mar a chloistear ins an dráma An Ceolchoirm Gigli (The Gigli Concert). Bhíodh sé ag plé le maithiúnas agus dóchas ins an saol a cheaptar a bheith tréigthe ag Dia.
Cé go raibh sé sáite i gcultúr agus miotaseolaíocht na hÉireann, níor bhraith sé ar an gnáthíomhá a cheaptar leis na Gaeil ach léirítear iad i stíl úr bainteach le foréigean, éadóchas ach fós le gáire, greann, grá agus sárú. Ní raibh srian ar bith lena shamhlaíocht.
Drámaí
- On The Outside (1959)
- A Whistle In the Dark (1961)
- Famine (1968)
- The Orphans (1968)
- A Crucial Week In The Life Of A Grocer's Assistant (1969)
- The Morning After Optimism (1971)
- The White House (1971)
- On The Inside (1974)
- The Vicar Of Wakefield(1975)
- The Sanctuary Lamp (1976)
- The J Arthur Maginnis Story (1976)
- Epitaph Under Ether (1979)
- The Blue Macushla (1980)
- The Informer (1981)
- The Gigli Concert (1983)
- Conversations on a Homecoming (1985)
- Bailegangaire (1985)
- A Thief Of A Christmas (1985)
- Too Late For Logic (1989)
- The Patriot Game (1991)
- She Stoops To Folly (1995)
- The Wake (1997)
- The House (2000)
- The Alice Trilogy (2005)
- The Last Days of a Reluctant Tyrant (2009)
- Brigit (2014)
Úrscéal
- The Seduction Of Morality (1994)
Féach freisin
- Drámadóirí Éireannacha