Tinvaal
Is reachtas Oileán Mhanann (Ellan Vannin) é an Tinvaal, nó ní b'fhoirmiúla Ard-whaiyl Tinvaal (Gaeilge:Ard-Chúirt Tinvaal) nó Cúirt Tinvaal. Córas dhá sheomra atá ann, ar a dtugtar brainsí den Tinvaal: Yn Kiare as Feed (Teach na nEochracha) a toghadh go díreach agus Yn Choonceil Slattyssagh (An Chomhairle Reachtaíochta) a roghnaítear go hindíreach. Nuair a shuíonn an dá sheomra le chéile, tugtar "Ard-whaiyl Tinvaal" air.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | reachtas an dá sheomra |
Le cuid | |
Suíomh gréasáin | tynwald.org.im |
Suíomh geografach |
Maítear gurb í an pharlaimint is faide ar domhan a thagann le chéile go leanúnach, cé go bhfuil tíortha eile ann a mhaíonn an rud céanna. Is cosúil gur sa bhliain 979 a tosaíodh í. Cé go ndearna muintir Mhanainn comóradh na mílaoise ar bhunú an Tinvaal sa bhliain 1979, deir daoine go raibh an Tinvaal ar bun níos luaithe fós.
Féach freisin
Is síol faoin Oileán Mhanann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |