Tim Kaine
Polaiteoir agus aturnae Meiriceánach is ea Timothy Michael "Tim" Kaine a rugadh ar 26 Feabhra 1958. Is é an seanadóir sóisearach do Virginia é faoi láthair. Toghadh é don Seanad sa bhliain 2012 mar bhall den Pháirtí Daonlathach, agus glactar leis go mbeidh sé ainmnithe ag an bPáirtí Daonlathach mar leasuachtarán i dtoghchán uachtaránachta 2016.
Rugadh Tim Kaine in Saint Paul, Minnesota, bhain sé céim dlí amach in Scoil Dlí Harvard sular chuaigh sé le dlíodóireacht phríobháideach agus leis an dlí a theagasc sa scoil dlí in Ollscoil Richmond. Toghadh Kaine do phost poiblí den chéad uair sa bhliain 1994, agus suíochán bainte amach aige ar chomhairle baile Richmond, Virginia. Toghadh é mar mhéara Richmond sa bhliain 1998, agus d'fhan sé sa phost sin gur toghadh é mar leasghobharnóir Virginia i 2002.
Toghadh Kaine mar Ghobharnóir ar Virginia sa bhliain 2005, agus bhí an post sin aige ó 2006 go 2010. D'fhreastail sé mar chathaoirleach an Democratic National Committee sna blianta 2009–2011.
Ar 22 Iúil 2016, d'fhógair Hillary Clinton gurb é Kaine a rogha mar iarrthóir don leasuachtaránacht i dtoghchán uachtaránachta na bliana 2016.[1]
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Seanadóirí reatha na Stát Aontaithe | ||||
---|---|---|---|---|
AL: Shelby (P), Jones (D) |
HI: Schatze (D), Hirono (D) |
MA: Warren (D), Markey (D) |
NM: Heinrich (D), Luján (D) |
SD: Thune (P), Rounds (P) |
Poblachtach (52) | Daonlathach (46) | Neamhspleách (2) |
![]() | Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |