Tim Berners-Lee
Is eolaí ríomhaireachta é an Ridire Timothy "Tim" John Berners-Lee nó TimBL (a rugadh ar an 8 Meitheamh 1955). Deirtear gurb é "athair" an Ghréasáin Domhanda.[1] Tá sé ina stiúrthóir ar an World Wide Web Consortium (W3C), an eagraíocht a rialaíonn forbairt an ghréasáin.
Rugadh i Londain é, agus ba mhatamaiticeoirí iad a thuismitheoirí. D'fhreastail sé ar Ollscoil Oxford.
Chruthaigh sé an An Gréasán Domhanda i 1990 nuair a bhí sé ag obair i CERN. Bhí an córas seo bunaithe ar hípeartéacs le haghaidh eolas a scaipeadh idir taighdeoirí in ollscoileanna is lárionaid taighde ar fud an domhain, le líonra ríomhaireachta.
I 1994, bhunaigh Berners-Lee an World Wide Web Consortium (W3C) ag an Massachusetts Institute of Technology le haghaidh caighdeáin a chruthú don gréasán.
Bhí sé ina chónaí i gceantar Bhostún Massachusetts, i Lexington lena bhean chéile is a bheirt leanbh ó 1994-2004.