Tigernmas
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí ar Éireann ba ea Tiarnmhas (Sean-Ghaeilge Tigernmas[1]) mac Follaigh, mac Ethriel, de shliocht Éiremhóin.
Cineál | dia de chuid na gCeilteach carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i réim nuair a dhíbrigh sé a réamhtheachtaí Conmhaol i gCath Aonach Mhacha. Laistigh d'aon bhliain dá theacht i gcoróin, bhuaigh sé seacht gcath is fiche in éadan sliochtach Eber Finn, ag cloí nach mór an sliocht go léir.
Deirtear gur bruithníodh ór don chéad uair riamh i rith a réimis, ag an ngabha, Iuchadán. Ba é Tiarnmhas an chéad rí a thug coirn dá lucht coimhdeachta. Ba é an chéad a chaith éadaí daite le corcra, gorm agus uaine, agus cóirithe le dealga, frainsí agus seoda. Agus é ina rí, tharla deich dtomhaidhm, seacht loch agus trí abha.
Achar ama
Bhí Tigearnmhas i gcoróin ar feadh 70 bliain (nó 100 bliain de réir an Leabar Fidhnacha[2], lch. 23). Fuair seisean agus trí cheathrú d'fhir na hÉireann bás ar Mhaigh Sléacht[3] agus Crom Cruach á adhradh acu, dia gránna a mhaolaíodh le híobairt daonna.[4][5] De réir Annála na gCeithre Máistrí, bhí idir-riocht in Éirinn ar feadh seacht mbliana tar éis a bháis, sular thóg Eochaid Étgudach an ríogacht.[6]
- Leabhar Gabhála na hÉireann: báis Thineas agus Decylas, ríthe na hAisiria, agus réimis Dáiví agus Solamh in Iosrael[4]
- Sioncronachtaí Laud: ríthe Asa agus Jehoshaphat na na hIúdáia, agus rí Pertiades (Pyriatides) na hAisiria, 985 RC[7]
- Annála na gCeithre Máistrí: 1621–1544 RC[6]
- Foras Feasa ar Éirinn: 1209–1159 RC.[8]
Tagairtí
- tigernmas ar eDIL; tiarnúil
- Fíonach, Contae Liatroim, ar logainm.ie
- Maigh Sléacht ar logainm.ie
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 198-209
- Edward Gwynn (eag. & aistr.), Dindshenchas Aoi Iml. 3, dán 50, Iml. 4, dán 7
- Seán Ó Donnabháin (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Baile Átha Cliath, 1848-1851, Iml. 1, ól . 39-44
- The Laud Synchronisms ar CELT
- Dáithí Ó Coimín & Pádraig Ua Duinnín (eag .& aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, Irish Texts Society, 1902-1914, Leabhar 1 Alt 25
Réamhtheachtaí Conmáel |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1621–1544 RC FFE 1209–1159 RC |
Comharba Eochaid Étgudach |