Thomas More
Ba dhlíodóir agus státaire Sasanach é Naomh Thomas More nó Sir Thomas More (7 Feabhra 1478 – 6 Iúil 1535). Is é an cháil is mó atá air ná gur cuireadh chun báis é mar nach n-aithneodh sé forlámhas an Rí, Anraí VIII, ar an Eaglais Chaitliceach i Sasana. Ba mhairtíreach Caitliceach é mar gheall air seo agus rinneadh naomh den Eaglais Chaitliceach de.
Saol
Ba scoláire agus scríbhneoir cumasach é agus ba é duine de na daonnachaithe ba mhó lena linn.
Is é an leabhar Utopia, an saothar is cáiliúla dá chuid.[1]
Sa bhliain 1531 agus Moore ina Thiarna Seansailéir, bhí sé freagrach as Protastúnaigh a loscadh ag an stáca, mar eiricigh.
Básaíodh More toisc gur dhiúltaigh sé glacadh leis an Acht Ceannais
Rinne Joanne Paul iarracht ar an Thomas More barántúil a scaradh amach ó na léirithe contrártha air a tháinig as an gconspóid creidimh sa séú céad déag.[2] Is é an tátal a bhain sí nach bithiúnach ceartaiseach, nó laoch naofa, a bhí ann. is beag cosúlacht atá idir an scéal agus ar tharla i ndáiríre, agus is mór idir an miotas agus an fhírinne
Naisc Sheachtracha
Tagairtí
- "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-06.
- Joanna Paul. "Thomas More – a reappraisal" (en). BBC History Extra. Dáta rochtana: 2020-07-06.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |