The Notorious B.I.G.
Ba rapcheoltóir cáiliúil as Brooklyn i Nua-Eabhrac i lár na 1990idí Christopher Wallace (21 Bealtaine 1972 - 9 Márta 1997), ar a tugadh Biggie Smalls mar leasainm, nó The Notorious B.I.G. níos minice. Ina chuid amhráin rapála, d'úsáid sé an leasainm Frank White chomh maith.
I measc a chuid amhrán, is dócha gurb iad Big Poppa agus One More Chance an dá amhrán ba cháiliúla a rinne sé.
Díoltas
Ar an 9 Márta 1997, maraíodh Wallace i Los Angeles, California i SAM. Bhí troid leanúnach aige le rapcheoltóir eile, Tupac Shakur. Measann roinnt daoine gur ghlac Biggie páirt i ndúnmharú Tupac cúpla mí roimh ré. Mar sin b'fhéidir gur bhain duine éigin díoltas amach.
Bhí albam iarbháis, "Life after Death", eisithe ar an 23 Márta 1997.
Dioscliosta
Albaim Stiúideo
- Ready to Die (1994)
- Life After Death (1997)
Comhoibriú
- Conspiracy (le Junior M.A.F.I.A.) (1995)
Iarbháis
- Born Again (1999)
- Duets: The Final Chapter (2005)
- The King & I (le Faith Evans) (2017)
Tagairtí
![]() | Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.