Terence O'Neill
Ba pholaiteoir Aontachtach i dTuaisceart na hÉireann é Terence O'Neill nó Tarlach Ó Néill (10 Meán Fómhair 1914 - 12 Meitheamh 1990). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann sna 1960idí
D'fhéach an Príomh-Aire Terence O'Neill le cothrom na Féinne a thabhairt do na Caitlicigh, ach ansin, thosaigh na Dílseoirí, ar nós Ian Paisley, ag cur ina aghaidh. Bhí dearcadh forásach nua-aimseartha ag O'Neill ag an am, ach d'éirigh leis na sceimhlitheoirí é a chur amach as oifig faoi dheireadh. Bhí folús polaitiúil ann agus thosaigh na Trioblóidí i ndáiríre.
Príomh-Aire ar Thuaisceart Éireann
Ar an 25 Márta 1963, d’éirigh Terence O'Neill ina cheannaire ar na hAontachtóirí. D'áitigh Terence O'Neill ar Basil Brooke, an tríú Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann.
Chonacthas feabhas mór san eacnamaíocht sna 1960idí. Thug Seán Lemass cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán.
Sna 1960idí, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh leasuithe suntasacha polaitiúla ar na bacáin, nuair a bhain Terence O'Neill amach oifig Phríomh-Aire an Tuaiscirt. Chrom an Niallach ar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le sochaí a chur ar bun a thabharfadh cearta do na Caitlicigh féin. Bhí sé ag caint faoin rathúnas ábhartha mar leigheas ar an scoilt sheicteach, agus é sásta dul i dteagmháil le Seán Lemass, taoiseach Phoblacht na hÉireann san am céanna, a raibh dearcadh cosúil aige. Sa deireadh thiar thall, áfach, ní dhearna iarrachtaí Uí Néill ach an lasair a chur sa bharrach.
Freasúra
Ní raibh na hAontachtóirí go léir sásta leis na polasaithe seo, áfach. Fuair an Niallach é féin faoi ionsaí ag na dearg-Dhílseoirí, cosúil le William Craig agus Ian Paisley, agus iad ag cur feillbhirt ina leith. Chuaigh siad chun cogaidh ar O'Neill, faoi cheannas Ian Paisley, seanmóirí bunúsaíoch a chuaigh le polaitíocht.
Go bunúsach, bhí cuid mhór de na hAontachtóirí barúlach go raibh an Niallach ag iarraidh iad a dhíol ar shladmhargadh leis an lucht tréasa a bhí ag rialú i mBaile Átha Cliath, agus na Caitlicigh míshásta leis nach raibh na leasuithe cuimsitheacha polaitiúla ag teacht sách luath. Bhí Paisley ar thús cadhnaíochta ag cur in aghaidh an dóigh a raibh O'Neill ag iarraidh comhréiteach a shocrú agus spiorad dea-chomharsanachta a chothú le Poblacht na hÉireann.
1969
Bhí an dá phobal ag dul in adharca a chéile, agus an caidreamh trasphobail ag dul chun donais. Chuaigh na Náisiúnaithe amach sna sráideanna le cothrom na Féinne a éileamh faoi bhratach Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta.
Dá thoradh sin, bhí scliúchais bhrúidiúla i nDoire agus i mBéal Feirste sa bhliain 1969. Phléasc an foréigean seicteach amach arís. Thosaigh na Dílseoirí agus na péas ó Chonstáblacht Ríoga Uladh ag ionsaí na mórshiúlta a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh. Nuair a maraíodh daoine de lucht na máirseála, chrom an tIRA ar na Protastúnaigh a imeaglú chomh maith.
Thosaigh Óglaigh Protastúnach Uladh ar fheachtas buamála sa bhliain 1969. Phléasc buamaí ar an 30 Márta, agus 4, 20, 24 agus 26 Aibreán chun brú a chur ar rialtas Terence O'Neill. Thit an locht ar an IRA ar dtús[2]. D'éirigh leis an Ó.P.Ú. rialtas O'Neill a scriosadh faoi dheireadh agus dúirt O'Neill go raibh sé ag éirí as an rialtas ar an 28 Aibreán. Ar an 1 Bealtaine 1969, d'éirigh O'Neill go hoifigiúil as a phost mar phríomh-aire agus mar cheannaire ar na hAontachtóirí.
Deireadh a shaoil
D'éirigh O'Neill as an pholaitíocht i dTuaisceart na hÉireann i mí Eanáir 1970 agus d'éirigh sé ina Lord ag an am céanna.
Chaith sé an chuid eile dá shaol ar scor i Lymington, Hampshire, áit a d'éag sé ó ailse ar an 12 Meitheamh 1990.