Te Taka Keegan
Is léachtóir ollscoile agus gníomhaí ar son na Maoraise é Te Taka Keegan. Is de shliocht na iwi Waikato-Maniapoto, Ngāti Apakura, Te Whānau-ā-Karuai ki Ngāti Porou, agus Ngāti Whakaaue é.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Waikato ![]() |
Céim acadúil | céim dochtúireachta Máistir Ealaíon |
Tráchtas acadúil: Indigenous Language Usage in a Digital Library: He Hautoa Kia Ora Tonu Ai. ![]() Dissertation submitted to (en) ![]() ![]() Te whakatere waka hourua (en) ![]() ![]() Dissertation submitted to (en) ![]() ![]() | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | eolaí ríomhaireachta, acadóir ![]() |
Fostóir | Ollscoil Waikato, léachtóir sinsearach ![]() |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Fouad K. Shiblaq |
Agus cúlra san innealtóireacht chrua-earraí aige, d’fhill Keegan ar Ollscoil Waikato chun céim mháistreachta a dhéanamh i Loingseoireacht Mhaorach Thraidisiúnta.[2][3] Ina dhiaidh sin, fuair sé post múinteoireachta i Roinn na Ríomheolaíochta, agus ba é an chéad duine a mhúin an ríomheolaíocht go hiomlán trí mheán na Maoraise.[4] Chríochnaigh sé tráchtas Ph.D. dar teideal Indigenous Language Usage in a Digital Library: He Hautoa Kia Ora Tonu Ai bunaithe ar obair i gcomhair le Leabharlann Dhigiteach na Nua-Shéalainne, tionscadal taighde faoi stiúir Ian H. Witten.[5] Is féidir a phróifíl acadúil a fháil ar shuíomh Gréasáin Ollscoil Waikato.[6]
Bhí Keegan i gceannas ar an bhfoireann a d’aistrigh Microsoft Windows XP agus Microsoft Office 2003 go Maorais,[7][8] agus thug sé comhairle don fhoireann a d’aistrigh Office 2013 agus Windows 8.[9] Bhí orthu go leor téarmaí nua a chumadh mar chuid den chéad aistriúchán, agus tá cuid mhaith de na téarmaí sin anois ar fáil in A Dictionary of Māori Computer Terms. Bhí baint aige freisin le forbairt méarchláir SwiftKey a thacaíonn leis an Maorais.
Le linn dó saoire shabóideach a chaitheamh le Google, ba é Keegan an crann taca a bhí taobh thiar de Google Māori.[10][11][12] Tá sé ar dhuine d’iontaobhaithe Tūhono, bunachar sonraí a nascann daoine Maoracha lena n-iwi.[13]
In 2017, bhronn Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Bill English, an gradam múinteoireachta is airde sa tír,[14] Ard-Ghradam an Phríomh-Aire, ar Keegan, mar aitheantas ar a dhíograis leanúnach don teagasc agus don fhoghlaim.[15]
Tagairtí
- “Dr Te Taka Keegan (Deputy Chairperson)”. www.tuhono.net.
- “Dr Te Taka Keegan”.
- “Aria”. www.cs.waikato.ac.nz.
- “He tangata whai kupu”. Stuff (28 Lúnasa 2009).
- “Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Lúnasa 2014. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2014.
- “Te Taka Keegan - Computing & Mathematical Sciences: University of Waikato”. www.cms.waikato.ac.nz.
- GIFFORD, ADAM (16 Aibreán 2003). “Maori language macron idea finds favour with Microsoft engineers”.
- KIRIONA, RENEE (20 Deireadh Fómhair 2004). “Te reo boots up for 21st century”.
- “Te reo Māori choice for Windows 8, Office 2013, and the Internet”.
- Helft, Miguel (9 Márta 2010). “Google's Toolkit for Translators Helps Feed Its Machine”.
- Gifford, Adam (29 Iúil 2008). “Te Reo no longer lost in translation”.
- “Kua puta a Google Whakamāori ki te reo Māori: Google Translate now in Māori”.
- "Tūhono Trust". www.tuhono.net. Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2021.
- Clifford, Aidan (22 Lúnasa 2017). “Te Reo and Binary Combine to Win Prime Minister's Supreme Award”. microsoft.com. Microsoft. Dáta rochtana: 5 Nollaig 2017.
- "Weaving te reo into technology - Dr Te Taka Keegan wins top teaching honour" (9 Lúnasa 2017). Dáta rochtana: 5 Nollaig 2017.