Substaint phléascach
Is éard is substaint phléascach ann, ar a dtugtar pléascán freisin, ná substaint imoibríoch ag a bhfuil méid mór d'fhuinneamh poitéinsiúil agus gur féidir léi pléascadh a tháirgeadh má scaoiltear í go tobann, de ghnáth, i dteannta le solas, teas, fuaim, agus brú a tháirgeadh. Is éard is lánán pléascach ann ná méid tomhaiste d'ábhar pléascach.
![](../I/Hazard_E.svg.png.webp)
Siombail phléascach an Aontais Eorpaigh, de réir Treoir 67/548/EEC
Féadfar an fuinneamh poitéinsiúil seo atá stóráilte in ábhar pléascach a bheith ina
- fhuinneamh ceimiceach, mar shampla nítriglicrín nó deannach gráin,
- ghás brúchóirithe, mar shampla sorcóir gáis nó coimeádán aerasóil.
- fhuinneamh núicléach, mar shampla mar atá san iseatóip inscoilte úráiniam-235 agus plútóiniam-239
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.