Stoirm mhaighnéadach
Suaitheadh i réimse maighnéadach an Domhain, a chuireann isteach ar thonnta raidió (agus teileachumarsáid atá bunaithe orthu) ar fud an Domhain.
Claonadh ann go dtarlóidh eachtraí mar seo go tréimhsiúil, timpeall gach 11 bhliain, mar thoradh ar thréimhsiúlacht in astú neamhchoitianta ard cáithníní fuinniúla ag an nGrian.
Is é is bun leis na stoirmeacha fíochmhara seo ná na hidirghníomhaíochtaí pléascacha idir na cáithníní flúirseacha seo is réimse maighnéadach an Domhain.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Stoirm mhaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 628.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.