Sprints

Is banna rac-cheoil as Éirinn é Sprints. Bunaíodh é sa bhliain 2019, agus tá ceathrar sa bhanna: Karla Chubb (scríbhneoir, amhránaí agus giotár), Colm O'Reilly (príomghiotáraí), Sam McCann (dordghiotáraí) agus Jack Callan (drumaí). Tá siad ar an lipéad ceoil neamhspleách Nice Swan Records. Is meascán de phunc-rac agus grúinse é a gcuid ceoil. Ba chairde iad ón am a bhí siad óg Jack Callan, Colm O'Reilly agus Sam McCann - ón Chúlóg agus Cill Bharróg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath iad - agus is as Ráth Fearnáin í Karla Chubb. Scríobhann sí amhráin faoina taithí pearsanta mar bhean i mbanna ceoil agus a cuid cnéasachta féin. De ghnáth bíonn téamaí polaitiúla nó sóisialta ag baint leis na liricí.

Bosca Sonraí EagraíochtaSprints

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata

Baill an bhanna

  • Karla Chubb - Príomhamhránaí agus giotár
  • Colm O'Reilly - Príomghiotáraí
  • Sam McCann - Dordghiotáraí agus amhránaí taca
  • Jack Callan - Drumaí

Albaim

  • 2020 - An chéad Singil "Pathetic"
  • 2021 - Ceirnín Leathfhada "Manifesto"
  • 2022 - Ceirnín Leathfhada "Modern Job" eisithe 18 Feabhra.

Léirithe Suntasacha

Chuir paindéim Covid-19 isteach ar léirithe ceoil le linn 2020 agus 2021. Cuireadh siar an chéad chamchuairt ó Bhealtaine 2020 go Deireadh Fómhair 2021. Seo liosta de na léirithe is mó le rá ón bhliain 2022:

Tagairtí

    Naisc sheachtracha

    This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.