Sirius
Sirius nó Sotis nó Réalt an Mhadaidh: an réalt is gile ar an spéir, agus í suite i réaltbhuíon an Mhadaidh Mhóir. Tá Sirius cóngarach go maith dúinn - ocht solasbhliain go leith - agus siúd is go bhfuil sí níos gile agus níos mó ná an Ghrian, ní fathachréalt í ar aon nós. Gnáthréalt de chuid an phríomhsheichimh atá inti, go bunúsach. Mar sin féin, tá rún nó dúthomhas ag baint le Sirius: tá cuid mhaith foinsí stairiúla ó réalteolaithe na seanBhabalóine go dtí na Meánaoiseanna ar aon fhocal gur réalt dhearg a bhí i Sirius lena lá féin. Ní réalt dhearg atá i Sirius mar is aithin dúinn inniu í, ach réalt bhán. Fuarthas amach ins an naoú haois déag go bhfuil leathbhádóir ag Sirius - an abhacréalt bhán ar a dtugtar Sirius B inniu. Ós abhacréalt bhán atá inti, is seanréalt í a bhí ina fathachréalt dhearg roimhe seo, agus nuair a bhí, is follasach go raibh sí in ann léaró bán Sirius (nó Sirius A) a bháthadh lena loinnir dhearg. Ní féidir linn an t-athrú tobann ó réalt dhearg go réalt bhán a mhíniú mar sin féin, nó ní bhíonn na fathachréaltaí dearga ag caochló go habhacréaltaí bána taobh istigh de mhíle bliain - bíonn na hathruithe ins an spéir ag teacht i gcrann i bhfad níos moille ná sin.
Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Madra Mór ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Madra Mór agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-07-19 ar an Wayback Machine
- an Madra Mór ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Madra Mór Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Madra Mór
- Ráite i: General Catalogue of Stellar Spectral Classifications. Leathanach: 2023. Dáta foilsithe: 2013.
- Ráite i: Catalogue of Stellar Photometry in Johnson's 11-color system. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 2002.
- Tabetha S. Boyajian (13 Meitheamh 2013). "Stellar diameters and temperatures. III. Main-sequence A, F, G, and K stars: additional high-precision measurements and empirical relations" (as Béarla) (1): 40. doi: .
- Floor van Leeuwen (2007). "Validation of the new Hipparcos reduction" (as Béarla) (2): 653–664. doi: .
- "Accurate stellar rotational velocities using the Fourier transform of the cross correlation maximum" (as Béarla) (Iúil 2011). doi: .
- "Pulkovo Compilation of Radial Velocities for 35 495 Hipparcos stars in a common system" (as Béarla) (Samhain 2006) (11): 759–771. doi: .
- Ráite i: "On the composition of Sirius" revisited. Údar: Owen Gingerich. Leathanach: 160–162. Dáta foilsithe: 1968.
- "The Abundance Patterns of Sirius and Vega" (as Béarla) (20 Feabhra 2001) (2): 953–965. doi: .