Siabhránacht
Siabhránacht (nó bréagchéadfa) a thugtar ar aireachtáil chéadfach gan aon spreagadh don orgán cuí céadfach. Is féidir aon cheann de na céadfaí a bheith i gceist — radharc, éisteacht, boladh, blas, tadhall — agus siabhránacht dúlagair freisin. Tarlaíonn siabhránacht le linn meabharghalair ar nós scitsifréine, le linn mearbhaill, le linn tinnis coirp no úsáid drugaí nó biotáille, nó le nimhiú. Sa chás is soiléire, bíonn duine ina lándúiseacht agus an aireachtáil taobh amuigh den cholainn. Ciallaíonn sé seo cailliúint teagmhála le réaltacht, ach is féidir lena leithéid tarlú nuair a bhíonn duine faoi chumha, mar shampla. Thug an lia Francach Jean-Étienne Esquirol (1772-1840) an téarma isteach den chéad uair.[1]
Cineál | psychopathological symptom (en) ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | síciatracht, medical psychology (en) ![]() ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | R44 ![]() |
ICD-9 | 780.1 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 19769 ![]() |
MedlinePlus | 003258 ![]() |
Patient UK | Odd-Ideas-Delusions-and-Hallucinations ![]() |
MeSH | D006212 ![]() |
UMLS CUI | C0018524 agus C0235153 ![]() |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Siabhránacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 596.
Naisc sheachtracha

Déan cuardach ar Siabhránacht sa Vicífhoclóir, an foclóir saor.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.