Shitao
Ealaíontóir Síneach a bhí i Yuanji Shi Tao, nó Zhu Ruoji (scríobhtar Shitao i Sínís thraidisiúnta mar 石濤; pinyin: Shí Taō; 1642–1707).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1642 Guilin |
Bás | 1707 64/65 bliana d'aois Yangzhou |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Búdachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, teoiricí ealaíne, file, Bhikkhu (en) |
Seánra | Ealaín tírdhreacha |
Mac/iníon léinn de chuid | Bada Shanren |
Ainm cleite | Jüan-ťi Čchao-ťi Kchu-kua che-šang Š-tchao |
Teangacha | An tSínis |
Teaghlach | |
Teaghlach | Teaghlach Zhu |
Athair | Zhu Hengjia |
Saol
Rugadh Zhu Ruoji i gcontae Quanzhou, i gcúige Guangxi, sa bhliain 1642. Bhain a athair, Zhu Hengjia, le huaisle na Ming. Feallmharaíodh Zhu Hengjia agus a mhuintir sa bhliain 1644 nuair a rinne na Manchúraigh concas ar an tír.
D'éirigh le seirbhíseach éalú uathu leis an mac óg. Chuaigh sé go mainistir Bhúdaíoch. Sa mhainistir seo a tógadh an buachaill. Tar éis dó an mhainistir a fhágáil, thaistil sé go ceantair éagsúla ar fud na tíre. D'aistrigh sé ó Wuchang go hAnhui sna 1660í.
Sna 1680í bhí cónaí air i Nanjing agus Yangzhou. Sa bhliain, 1690 d'aistrigh sé go Béising chun pátrún a fháil. Níor éirigh leis an iarracht seo áfach agus thiontaigh sé ina Thaoch sa bhliain 1693 agus d'fhill ar Yangzhou, mar ar fhan sé i dteaichín beag simplí go lá a bháis sa bhliain 1707.
Tionchar
Bhí an-tionchar ag stíl Shi Tao ar phéintéirí mar [1] :
- Zhu Da
- Chen Shizeng
- Liu Haisu
- Fu Baoshi
- Li Keran
- Zhu Qizhan
Tagairtí
- Trois mille ans de peinture chinoise, Yang Xin, Richard M. Barnhart, Nie Chongzheng, James Cahill, Lang Shaojun, Wu Hung, Éditions Philippe Picquier, ISBN 2-87730-667-4
Naisc
- Shitao in Artcyclopedia
- * Shi Tao at China Online Museum
- Painting Gallery of Shi Tao at China Online Museum
- Several Paintings Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine
- Works Curtha i gcartlann 2021-02-25 ar an Wayback Machine