Shane Lowry
Galfaire gairmiúil é Shane Lowry, a rugadh ar an 2 Aibreán 1987. Is as Clóirtheach, Contae Uíbh Fhailí, é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Aibreán 1987 36 bliana d'aois Clóirtheach, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | galfaire |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | galf |
Ghlac sé/sí páirt i | |
2021 | golf at the 2020 Summer Olympics – men's individual (en) (22) |
Suíomh gréasáin | shanelowrygolf.com |
Cúlra
Nuair a bhí Lowry dhá bhliain déag d’aois, thosaigh sé ag imirt gailf.
Thosaigh Lowry ag imirt mar amaitéarach agus sa bhliain 2009 bhuaigh sé Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann. Ina dhiaidh sin chuaigh Lowry ina cheann go gairmiúil.
Gairm
Bhuaigh Lowry Craobh na Máistrí sa Phortaingéil sa bhliain 2012.
Sa bhliain 2019, bhuaigh sé an Craobhchomórtas in Abú Daibi.[1], bua iontach; tháinig sé ar ais go láidir sa chluiche.
An sin i mí Iúil 2019, bhí Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois. Bhuail Lowry 72 buille ina bhabhta deireanach chun críochnú ar -15, sé bhuille chun tosaigh ar an Sasanach Tommy Fleetwood.[2] Deich mbliana tar éis dó Craobh Oscailte na hÉireann a bhuachan agus é ina imreoir amaitéarach, tá Lowry ag ceiliúradh agus ceann de mhórchomórtais an ghailf buaite aige.[3]
Tagairtí
- Eleathanach 311, 28 Eanáir 2019
- Pádraic Ó Ciardha. "‘Comhghairdeas mo chara, maith an fear!’ – teachtaireacht i nGaeilge ag Jack Nicklaus do Shane Lowry" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-21.
- Pádraic Ó Ciardha. "An lá le Lowry agus Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-21.