Severus Snape
Is carachtar ficseanúil i sraith leabhar agus i sraith scannán Harry Potter é Severus Snape. Múineann an tOllamh Snape na Posóidí ar Scoil Chomhoideachais Draíodóireachta Hogwarts, agus bíonn sé ag bulaíocht phríomhcharachtar na sraithe, Harry Potter féin. Ach ceileann a phearsantacht shearbhasach mothúcháin chasta: nochtar tar éis bhás Snape sa leabhar deireanach go raibh grá aige do mháthair Harry, Lily, agus gur thréig sé an Tiarna Dubh mar gheall air sin; ach chaith sé go dona le Harry mar go raibh cuma a athar air.
Alan Rickman a rinne páirt Snape sna scannáin atá bunaithe ar na leabhair; ba é rogha an údair féin é.[1]
Tagairtí
- "The First Look at Harry". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Eanáir 2012. Dáta rochtana: 25 Iúil 2022.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.