Sellafield
Is ionad núicléach i gCumbria Shasana ar chósta Mhuir Éireann é Sellafield, ar a dtugtaí Windscale lá dá raibh. Taobh leis tá an stáisiún núicléach ginte leictreachais Calder Hall (le himoibreoir gásfhuaraithe a bhí i bhfeidhm i 1956-2003). Déanann sé próiseáil is athphróiseáil ar fhuíoll núicléach, agus stóráil ar fhuíoll radaighníomhach ardfhuinnimh is ardbhaoil. Tosaíodh ar a dhíchoimisiúniú i 2005, ach i 2009 fógraíodh go dtógfar stáisiún núicléach nua ann.[1]
![]() WD Bosca Sonraí Foirgneamh | ||||
---|---|---|---|---|
| ||||
Sonraí | ||||
Cineál | Saoráid núicléach agus gnó | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Seascale, England | |||
| ||||
Le cuid | Calder Hall (en) ![]() Windscale Advanced Gas Cooled Reactor (en) ![]() | |||
Gníomhaíocht | ||||
Am oibriúcháin | 1 Márta 1963 – | |||
Oibreoir | Sellafield Ltd (en) ![]() | |||

Sellafield, Muir Éireann sa chúlra
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Sellafield". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 593.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.