Seascann
Is éard is seascann ann ná talamh fliuch faoi fhoraois.[1] Meastar gur criosanna trasdula iad seascainn mar tá ról ag talamh agus uisce araon i gcruthú na timpeallachta.[2] D'fhéadfadh fionnuisce, uisce goirt nó sáile a bheith sa seascann. Feictear seascainn fionnuisce ar bhruach aibhneacha nó lochanna móra, áit a mbíonn siad ag brath go mór ar uisce báistí agus ar thuilte séasúracha chun athruithe nádúrtha i leibhéal an uisce a chaomhnú.[2][3] Is in aice le haibhneacha móra ar nós an Amasóin, an Mississippi, agus an Congó a fhaightear cuid de na seascainn is mó ar domhan.[4] Feictear seascainn sáile ar chóstaí trópaiceacha agus fothrópaiceacha.[5]

Riasc vs. seascann

Is cineálacha sainiúla bogaigh iad seascainn agus riasca (nó corcacha) a fhoirmíonn i ngar do réimse uisce, in áiteanna a bhfuil ithir shaibhir sháithithe iontu.[6] Is bogach é riasc a bhíonn faoi thuilte go leanúnach nó go minic, a bhfuil plandaí luibheacha chun cinn. Ar an lámh eile, bíonn ithir sháithithe agus/nó uisce bodhar i seascann, agus ó thaobh fásra de, is crainn, toir, agus sceacha uiscefhulangacha atá chun tosaigh.[7][5]
Tagairtí
- Keddy, P.A. 2010. Wetland Ecology: Principles and Conservation (2nd edition). Cambridge University Press, Cambridge, UK. 497 p.
- Society (2011-01-21). “swamp” (en). National Geographic Society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-03. Dáta rochtana: 2019-09-26.
- Hughes, F.M.R. (ed.). 2003. The Flooded Forest: Guidance for policy makers and river managers in Europe on the restoration of floodplain forests. FLOBAR2, Department of Geography, University of Cambridge, Cambridge, UK. 96 p.
- Keddy, P.A., L.H. Fraser, A.I. Solomeshch, W.J. Junk, D.R. Campbell, M.T.K. Arroyo and C.J.R. Alho. 2009. Wet and wonderful: the world's largest wetlands are conservation priorities. BioScience 59: 39–51.
- Mitsch, W.J., & Gosselink, J.G.(2015). Wetlands. Hoboken, NJ: John Wiley & Sons Inc.
- “Swamps”. Nature Works- New Hampshire PBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-12. Dáta rochtana: 2019-11-26.
- “Classification and Types of Wetlands”. EPA (9 April 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 November 2019. Dáta rochtana: 26 November 2019.