Séamus Mallon
Polaiteoir i dTuaisceart Éireann ab ea Séamus Frederick Mallon (17 Lúnasa 1936 - 24 Eanáir 2020) a bhí ina chéad Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ón bhliain 1998 go dtí 2001. Bhí sé freisin ina Leas-Cheannaire ar an Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre ó 1979 go dtí 2001.
Bhí Mallon i gcroílár na hiarrachtaí chun Comhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach sa bhliain 1998.
Cúlra
Rugadh Séamus Mallon ar an bhaile Cnoc an Mhargaidh i gContae Ard Mhacha, agus fuair sé a chuid oideachais i Scoil na Mainistreach (Iúr Cinn Trá), agus i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig, Ard Mhacha, Mar shlí bheatha chuaigh mé leis an múinteoireacht, cosúil lena athair, agus ceapadh é ina ardmháistir ar St. James's Primary School, Cnoc an Mhargaidh.[1] Bhí baint ag Mallon freisin leis an Chumann Lúthchleas Gael, ag imirt pheil Ghaelach do Chontae Ard Mhacha.
A chéad taithí ar an pholaitíocht
Le linn na seascaidí, bhí sé páirteach sa ghluaiseacht cearta sibhialta,[2] go háirithe in Ard Mhacha féin. Sa bhliain 1979, nuair a chuaigh John Hume ó bheith ina leascheannaire ar an PSDLO (faoi Gerry Fitt) go cheannaire, déanadh leascheannaire de Mhallon. Toghadh é ar an chéad fheidhmeannas comhroinnte cumhachta sa Tionól i 1973, agus go dtí Tionól Bunreachtúil Thuaisceart Éireann sa bhliain 1975 ag déanamh ionadaíochta d'Ard Mhacha. Idir Bealtaine agus Nollaig 1982 cheap Cathal Ó hEochaidh Mallon ar Seanad Éireann.
Tagairtí
- url = http://www.telegraph.co.uk/news/uknews/1399874/Key-players.html | title = Key players | accessdate = 25 March 2010 | date = 25 October 2001 | publisher = The Daily Telegraph
- url = http://news.bbc.co.uk/news/vote2001/hi/english/key_people/newsid_1176000/1176371.stm |teideal = Seamus Mallon: SDLP deputy leader |accessdate = 25 March 2010 |date = 15 March 2001 |publisher = BBC News Online