Seadóg
Toradh ciotrasach is ea an tseadóg[1], agus í 10-25 cm ar trastomhas, comhchruinn nó piorrachruthach, le craiceann scothghlas/buí is laíon milis bándearg nó buí. Craiceann tanaí nó liathdhearg ar chuid de na cineálacha. Fástar sna trópaicí iad den chuid is mó. Dúchasach do Bharbadós mar hibrid nádúrtha a tharla de thaisme idir an oráiste milis agus an pomaló.
Citrus paradisi ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | seadóg, grapefruit oil (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Rutaceae |
Treibh | Citreae |
Géineas | Citrus |
Speiceas | Citrus paradisi ![]() Macfad., 1830 |
Sanasaíocht
Seadóg < shaddock < Captain Shaddock (recte Philip Chaddock), a thug an toradh ón Áis go dtí na hIndiacha Thiar, más fíor.[2]
Tagairtí
- ““Citrus paradisi” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- Hussey, Matt (2011). "Seadóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 588.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.