Seacláid
Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Is as síolta an chrainn cócó (Theobroma cacao) a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar "seacláid", agus bia le blas gangaideach láidir (nach bhfuil milis). Tá dhá phairt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseaclaid. Bíonn siúcra agus ábhair eile á gcur isteach freisin agus bíonn siad á n-ullmhú ina mbarra seacláide nó ina ndeochanna (seacláid the). Tugann daoine bosca seacláidí mar bhronntanas go minic.
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | Mesoamerica (en) ![]() |
Dáta cruthaithe | 1750 "RCh" |
Gastranómachais | cioccolato di Modica (en) ![]() |
Táirgeoir | crann cacó |
Sonraí | |
Cineál | bia-ábhar spreagthach, comhábhar bia, blastán, functional food (en) ![]() |
Príomh-chomhábhair | siúcra agus pónaire chócó |
![](../I/Chocolate.jpg.webp)
Píosaí seacláide dorcha, seacláide báine, agus gnáthsheacláide.
Saghsanna difriúla seacláide
Faightear an tseacláid ina lán saghsanna agus cainníochtaí.
- Seacláid dhorcha (gan bhainne)
- Gnáthsheacláid (seacláid agus bainne á meascadh)
- Seacláid bhán (le him cócó agus gan cócó soladach)
- Seacláid leathmhilis (úsáideann daoine an saghas seo sa chócaireacht. Bíonn níos lú siúcra inti)
- Seacláid sú talún (a ullmhaítear san Iodáil)
- Seacláid oráiste (ar nós "Terry's Chocolate Orange")
Tá comhábhair eile ann a chuirtear sa tseacláid ar nós cnónna nó caramal.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.