Seán F. Lemass
Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) agus ina cheannaire ar Fhianna Fáil, idir 1959 agus 1966. Leasaitheoir a bhí annː bhí fonn ar Lemass cruth nua-aimseartha a chur ar chóras rialtais, eacnamaíocht agus sochaí na hÉireann.[1]
Tús a shaoil
Rugadh Seán Francis Lemass i mBaile Breac sa bhliain 1899 i mBaile Átha Cliath. An t-ainm a baisteadh air ná John Francis Lemass. Aach thosaigh sé ag tabhairt Seán air féin agus é in ógánach tar éis páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aoise.
Leis na mBráithre Críostaí sa chathair a fuair sé a chuid oideachais, áit ina raibh sé in aon rang leis an bhfuirseoir mór le rá Jimmy O'Dea.
Tragóidí millteanacha
Scaoileadh marbh a dheartháir is óige, Herbert, de thaisme ina bhaile féin in Eanáir 1916; b’shin Seán féin a lámhachadh é![2] Dúnmharaíodh deartháir eile, Noel, sa bhliain 1923 le linn Chogadh na gCarad. Rinneadh céasadh coirp air.
Fuair deartháir eile, Patrick, bás le hadhairt sa bhliain 1926.
Polaitíocht
Bhí Lemass gníomhach i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922.
Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 (san fhothoghchán "Dublin South" ar 18 Samhain 1924). Bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le hEamon de Valera agus comhghleacaithe eile.
I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an chogaidh i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959).
Taoiseach
Sa bhliain 1959 toghadh Lemass mar Thaoiseach. Sna blianta sin, bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus bhí an geilleagar ag fás níos gasta .
Thug Lemass cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill, Príomh-aire Tuaisceart Éireann i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán.
Forbairt dhlí na hÉireann
Dlí bunreachtúil
Ní raibh an oiread tionchair ar fhorbairt dhlí na hÉireann, agus go háirithe ar an dlí bunreachtúil, i ndiaidh an neamhspleáchais ag aon duine eile nach raibh ina dhlíodóir.[1]
Mar shampla, sa bhliain 1966, ghair Lemass an Coiste uile-pháirtí ar an mBunreacht, chun iniúchadh a dhéanamh ar na leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann a d'fhéadfadh a bheith riachtanach. Leag an tuarscáil a rinne sé clár athchóirithe amach, ar cuireadh a lán gnéithe de i gcrích sna caoga bliain ina dhiaidh sin.
Is léir uaidh sin go raibh fonn ar Lemass cruth nua-aimseartha a chur ar chóras rialtais, eacnamaíocht agus sochaí na hÉireann.[3]
TIonchar ar na breithiúna
Mar is eol go forleathan, dúirt Lemass le Cearbhall Ó Dálaigh agus é á cheapadh ina Phríomh-Bhreitheamh sa bhliain 1961 agus le Brian Breatnach agus é á ardú go dtí an Chúirt Uachtarach ag an am céanna, gur mhian leat go mbeadh an Chúirt ní ba chosúla lena leithéid i SAM.[1]
Mar a léirigh Ruadhán Mac Cormaic ina leabhar,[4] is minic a dhéileáiltear leis na focail misnigh sin ar dhóigh mhí-aimseartha agus ní léir go beacht cad a bhí ar intinn ag Lemass an uair sin. Mar sin féin, bhí páirt mhór ag an dá cheapachán sin, gan aon agó, sa ról bunúsach a bhí ag an gCúirt Uachtarach maidir leis na hathruithe sóisialta agus dlithiúla a tharla sna dá bhliain déag ina dhiaidh sin agus níos faide.[1]
Ceapadh Caoimhín Ó hEachach, Frederick Gardner Budd agus Liam Ó Mac Gearailt ar an gCúirt Uachtarach freisin le linn do Lemass a bheith ina Thaoiseach.
Bás
D'éirigh Lemass as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966. Tháinig Jack Lynch i gcomharbas air.
Bhí Lemass trom ar an tobac[5] agus chuaigh a shláinte in olcas agus é ag dul anonn in aois. Níorbh fholáir é a chur san ospidéal Mater i Feabhra 1971 agus d'éag sé fá cheann trí mhí, in aois 71 bliain dó.[6]
Féach freisin
Tagairtí
- Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Seán Lemass". Dáta rochtana: 2021.
- Eunan O'Halpin. "Seán Lemass’s silent anguish" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-05-11.
- Scrúdaigh an tOllamh Brian Garbhain (Oilthigh Ghlaschu) bunús, obair agus tionchar díreach an Choiste in alt a foilsíodh sa bhliain 2013. Brian Girvin (2013). "'Lemass's brainchild': the 1966 Informal Committee on the Constitution and change in Ireland, 1965-73". Irish Historical Studies 38 (151): 406–421. ISSN 0021-1214.
- Ruadhan Mac Cormaic (2016). "The Supreme Court". Penguin Books Ireland, 9780241970331 www.omahonys.ie. Dáta rochtana: 2021-05-11.
- Maurice Curtis (2019-04-05). "The Little Book of Rathmines" (as en). History Press.
- "Death of Seán Lemass" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-05-12.