Sceanra
Sceanra a thugtar ar chnuasach sceana, gabhlóga agus spúnóga agus roinnt uirlisí eile a bhaintear feidhm as chun bia a ullmhú agus a láimhseáil. Ní bhaintear feidhm as gach ceann ag gach béile.
![]() ![]() | |
Fuaim |
---|
![](../I/Cubiertos_LYPSA_cutlery.jpg.webp)
Is féidir sceanra a idirdhealú in dhá aicme - sceanra a bhaintear feidhm as chun bia a ullmhú agus sceanra a bhaintear feidhm as chun bia a ithe. Baintear feidhm as scian mór ar nós scian spólta, gabhlóg mhór, ladar, beangán, liach, teanchair is uirlisí eile nuair atá bia á ullmhú. Baintear feidhm as sceana, gabhlóga agus spúnóga chun béile a chaitheamh. Más béile é i rith an lae, de ghnáth baintear feidhm as scian agus gabhlóg. Má tá anraith nó milseog le n-ithe, baintear leas as spúnóg. Is féidir scian a bheith ann i gcóir im; spúnóg bheag chun siúcra a chaitheamh isteach i tae nó caife agus é a chorraí.
Tagairtí
![]() | Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |